Fuinneamh na dtrátaí chugainn!

Cad a dhéanann tú leis na seantrátaí sin nach n-úsáideann tú agus a lobhann ar an tseilf?

Nó cad a dhéanann na siopadóirí leis na glasraí agus torthaí úd atá ‘ró-ghránna’ le díol?

Bhuel dar le taighde nua eolaíoch i SAM nach gá iad a chaitheamh amach a thuilleadh ach gur féidir iad a úsáid chun leictreachas a ghiniúint.

Sea, leictreachas a ghiniúint.

Nuair a fheidhmíonn baictéir ar thrátaí, mar shampla, chun iad a lobhadh, scaoiltear leictreoin amach ón imoibriúchán (reaction) ar féidir iad a cheapadh i gcill bhreosla.

Níl an teicneolaíocht ach ina tús faoi láthair ach meastar go mbeifear in ann fuinneamh a chruthú ón chill agus dá réir sin glasraí a úsáid mar fhoinse shuntasach chumhachta amach anseo.

“Tá trátaí loite nó lofa ach go háirithe an-oiriúnach mar fhoinse chumhachta,” arsa an tOllamh Venkataramana Gadhamshetty ó Scoil Teicneolaíochta South Dakota, atá páirteach sa taighde in éineacht le hOllscoil Princeton agus Ollscoil Florida Gulf Coast.

“Chuige sin níl aon chúis ann nach mbeadh an dramhaíl trátaí ar fad i stát Florida in ann cumhacht a sholáthar d’ionad siamsaíocht Disney World tar feadh trí mhí gach bliain.”

Is féidearthacht tharraingteach é go mbeadh muid in ann cuid dár leictreachas a fháil ón bhia a chaitear amach ar fud an domhain lá i ndiaidh lae.

Ní amháin go gcabhródh sé le dramhaíl a laghdú ach chuirfeadh leithéidí an “cadhnra trátaí” go mór lenár n-iarrachtaí tuilleadh foinsí fuinnimh in-athnuaite a aimsiú agus bogadh ar shiúl ó chumhacht carbóin.

Gach rath ar an obair!


Scéalta ‘trátúla’ eile…

In am tráta

SCÉALTA EILE