Rinneadh Gael aitheanta a ruaigeadh as Facebook, mar gheall ar a ainm Gaelach.
Is scríbhneoir aitheanta é Gabhán Ó Fachtna ach dhruid Facebook a chuntas síos de bhrí go n-úsáideann sé an leagan Gaeilge dá ainm.
Tá polasaí ag Facebook go gcaithfidh daoine “a bhféiniúlacht údarach” a úsáid mar ainm úsáide s’acu ar an suíomh.
Sin an t-ainm “a thugann do chairde ort san fhíor-shaol agus mar a léirítear ar fhoirmeacha aitheantais inghlactha”
Tá leabhair foilsithe ag Gabhán faoina ainm Gaelach ach úsáideann sé a ainm Béarla chomh maith.
Measann sé go ndearna duine éigin gearán le Facebook mar gheall ar an leagan Gaelach bheith in úsáid aige.
Ligeadh ar ais ar an suíomh líonraithe clúiteach é, áfach, roinnt nóiméad tar éis do NÓS teagmháil a dhéanamh le Facebook chun an scéal a fhiosrú.
Tá muid fós ag fanacht le freagra ón fhathach idirlín maidir le húsáid ainmneacha Gaeilge.
“Tá clú áirithe orm mar Ghabhán Ó Fachtna,” arsa an t-údar.
“Ní dhearna mé rud ar bith nár chóir dom a dhéanamh. Rud ciníoch atá ann i ndáiríribh.”
Measann Gabhán go bhfuil gach seans ann go raibh bunús seicteach leis an ghearán a chuir stop sealadach lena chuntas.
Tá Gabhán gníomhach i saol na hAlbainise chomh maith lena bheith ina Ghaeilgeoir – measann sé gur féidir go raibh baint ag an ghearán lena thuairimí ar cén dóigh a gcuirtear Albainis chun cinn in Ultaibh.
Fadhb idirnáisiúnta
Ní Gaeil na hÉireann amháin a mbíonn deacrachtaí acu le Facebook.
Bhí fadhb ag an phobal trasinscne agus ag trasfheisteoirí leis an chomhlacht ar an ábhar seo cheana agus bhí ar Facebook leithscéal a ghabhail tar éis dóibh na céadta cuntas a scriosadh.
Tá raic eile ar siúl sna Stáit Aontaithe faoi láthair mar gheall ar ainmneacha agus sloinnte na mbundúchasach – ní ghlacann Facebook leis na hainmneacha sin i gcónaí agus tá cuntais á ndruidim acu.
Agus níos giorra don bhaile tá achainí tosaithe ag Gaeil na hAlban tar éis do Facebook bagairtí a dhéanamh chun cuntais Ghaeil thall a dhruidim de bhrí nach raibh siad ag úsáid a gcuid “fíor-ainmneacha.”
Ar tharla a leithéid duit? Abair linn agus roinn do scéal.