#LNAG10
Siar sa deichniúr sa caite – bhuel 2009 le bheith ionraic! – chuir an laoch idirlín agus cara NÓS, Ciarán Ó Meachair, tús le #lnag – Lá na Gaeilge ar líne – coincheap a bhfuil sé de sprioc aige an oiread daoine agus is féidir a spreagadh chun Gaeilge a úsáid ar an idirlín ar 17 Márta.
Ba ar Twitter a bhí an feachtas dírithe anuraidh ach tá #lnag10 ag leathnú amach ar fud an Ghaelghréasáin i mbliana agus fís ag na heagraithe go mbeidh daoine in Éirinn agus thar lear, ar mhórán Gaeilge nó ar bheagán Gaeilge, ag úsáid na teanga ar a mbealach féin ar 17 Márta.
Mar sin bíodh sé ar do shuíomh féin, ar bhlaganna, ar Facebook, ar Twitter, ar rphost nó eile, úsáid do chuid Gaeilge ar an lá, cuir #lnag10 leis an méid a scríobhann tú agus beidh tú ag glacadh páirte sa ghluaiseacht is forleithne i saol na Gaeilge: Gaeltacht 2.0, pobal ár dteanga ar líne.
GAELTACHT 2.0 EXPOSED
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Gaeilge, agus chun deis a thabhairt do Ghaeil ar an ghreasán bualadh le chéile san fhíorshaol, beidh ócáid speisialta ar siúl Déardaoin 11 Márta in Belfast Exposed i mBéal Feirste.
Beidh ionadaithe ó thograí idirlín ar nós na hirise seo, Nuacht24, BBC, iGaeilge agus go leor eile páirteach san imeacht, mar aon le ceangal beo ar líne le Gaeil ar fud an domhain.
Buail isteach tú féin nó bí linn ar líne ar an oíche! Breis eolais ag lnag.org