Geo-Snap 32 Contae

Facebook, Twitter, Gmail… agus anois tá an Ghaeilge in airde ar Snapchat!

Den chéad uair riamh beidh snapairí as gach contae sa tír in ann scagairí tíreolaíochta, nó geo-scagaire, as Gaeilge a úsáid agus iad á seoladh an tseachtain seo ag Snapchat.

Íomhá atá sa gheo-scagaire a bhfuil téacs curtha leis chun tuilleadh eolais a thabhairt do leantóirí faoin áit ar domhan ina bhfuil tú.

An t-am seo anuraidh reáchtáil Conradh na Gaeilge feachtas GaelSnap, a thug deis d’úsáideoirí Snapchat ar fud na tíre a ngeo-scagaire ealaíonta féin a chruthú mar nach raibh siad ar fáil i nGaeilge.

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Aodán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, gur glacadh le “ar a laghad” geo-scagaire Gaeilge amháin as gach contae go dtí seo.

“Tá siad á rolladh amach ón lá inniu agus tá muid ag súil go mbeadh siad ar fad beo ar Snapchat sna laethanta beaga amach romhainn,” ar sé.

Ó thaobh líon na n-úsáideoirí rialta de ar Snapchat, tá Éire i measc na dtíortha is mó ar domhan agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go spreagfaidh an beart seo níos mó daoine lena gcuid Gaeilge a úsáid.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur iontach an rud é go raibh scagairí tíreolaíochta ar fáil d’úsáideoirí Snapchat in Éirinn anois agus ghabh sé buíochas le Snapchat agus leis na dearthóirí iontacha ar fud na tíre a thacaigh leis an iarracht.

Beidh scagairí tíreolaíochta Gaeilge Snapchat mar chuid de dhúshlán BÚAGaeilge na míosa seo, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge a spreagann daoine le Gaeilge a úsáid sa saol laethúil.

Más maith libh a bheith páirteach sa dúshlán is déanaí, tá breis eolais ar fáil anseo!

SCÉALTA EILE