Caitheann Eoin P. Ó Murchú súil ar fhorbairt nua a chuirfidh gliondar, nó scanradh, ar an domhan: Google Glass. Ceart go leor a ghloiní, taifead físeán…
Bíodh eagla ort, bíodh an-eagla ort. Sceoin fiú amháin. Má cheap tú go raibh ré na teiceolaíochta linn bhí dul amú ort. Is anois a éireoidh cúrsaí spéisiúil.
Tá na micrishliseanna ag éirí níos lú de réir a chéile, an chumhacht phróiseála ag méadú leis is tá dul chun cinn féideartha mór eile ag teacht inár dtreo.
Chuala tú trácht ar ghuthán cliste, ar gheilleagar cliste is ar an mbuama cliste féin, fear fáilte mhór chroíúil roimh spéaclaí cliste! Spéaclaí? A deir tú. Ha! A deir an duine eile. Cad tá i gceist, ag magadh atá tú, conas a d’éireodh leo sin?
Clár forbartha ag Google é Togra na Gloine le spéaclaí cliste a chur ar fáil. Táthar ag déanamh tastála ar an táirge ó Aibreán na bliana seo caite. Gléas cinn a bheidh ann a chuirfidh ‘réaltacht bhreisithe’ ar fáil.
Is éard atá i gceist leis sin ná leibhéal ríomhaireachta sa ghnáthshaol agus tú ag siúl timpeall is ag dul go chúraimí an lae. Google Glass atá á thabhairt air, aka Gloiní Gúgail.
Cuireann sé eolas ar fáil mar a bheadh guthán cliste ann agus is féidir leis dul ar an idirlíon trí orduithe gutha. Tá scáileán beag ann, agus is féidir leat téacsanna nó ríomhphostanna a sheoladh uaidh is a léamh air, chomh maith le glaonna a chur.
Tá cuma íostach, is é sin dearadh bunúsach, orthu, níl i gceist ach stiall alúmanaim le dhá phaiste sróine agus gloine bheag bhídeach don tsúil dheis. Baineann siad úsáid as Android, córas oibriúcháin Google agus is ón teach draíochta céanna a chum carranna gan tiománaithe a thagann na gloiní seo.
Is féidir físeáin ardghléine sa chéadphearsa a thógáil leis na gloiní, níl ort ach ‘OK glass, record video’ a rá. Beidh le feiceáil fós an gcuirfear fógraíocht isteach i ngloiní mar seo, ach d’fhógair Google nach raibh i gceist acu déanamh amhlaidh.
Pé scéal tá an t-idirlíon ar maos le físeáin a léiríonn drochthionchar samhalta na ngloiní; ag tuar go mbeidh an cine daonna ina chibearganna* gan mhoill.
Ní seo an chéad uair ar smaoiníodh ar a leithéid ach is dócha gurb í an uair is mó a bhfuil seans ann go n-éireoidh leo.
Is cosúil go bhfuil Google an-mhórtasach go deo as na spéaclaí seo, bhí comórtas acu le deireanas feiscint cé a gheobhadh cead a gcinn iad a cheannach ar $1,500 (€1,150) fiú! Táthar ag ceapadh go mbeidh siad ar díol don ghnáthphobal roimh dheireadh na bliana is go mbeidh thart ar an gcostas céanna orthu.
Cé gur gnáthradharc anois é, má bhreathnaíonn tú ar shlua amuigh faoin aer, cuid mhór acu ar a bhfóin nó ar a ‘ríomhairí’ póca d’fhéadfá a rá, ní dóigh liom go mbeidh an glacadh céanna leis na spéaclaí seo.
Is ráiteas ollmhór faisin is fealsúnachta fiú amháin a leithéid a chaitheamh. Ceapaim féin go mbeidh siad chun ar n-aimhleas ar deireadh thiar, ach níl aon amhras orm ach go gcaithfear is go dtitfear i ngrá leo chomh mór céanna is atá daoine lena n-iFóin ionúin, uair éigin.
Cé go bhfuil Google geall le bheith lán- uilechumhachtacht ar na saolta seo, theip go tubaisteach ar Google+ (ní móide a rá!) agus cé go mbíonn trácht ar Google Hangouts ó am go chéile is beag duine a thuigeann mórán faoin líonra gan trácht ar a úsáid. Thóg Facebook agus Twitter an lá leo, in Éirinn pé ar bith.
Níl an todhchaí mar a fheictear do Google é rófhada ó Minority Report le ladrainn* fhaireachais agus ríomhaireacht gan teorainn is gan cead an t-idirlíon a úsáid ach sa chás go gcuireann tú d’ainm leis, le nach ndéanfar aon rud as alt, tuigeann tú.
Is iomaí fadhb a d’éireodh as na gloiní seo; daoine a
bheith á thaifeadadh i nganfhios, ach an rud is measa ar fad dar liom, go sóisialta, ná an cur isteach a dhéanfadh sé ar chomhráite, is daoine a bheadh ag cur ag gcuid ama ar fad amú orthu.
Is cuimhin linn ar fad tús scaipeadh na nguthán cliste nuair a chuirtí isteach ar gach tríú comhrá le ‘Féach ar an bhfíseán greannmhar seo’.
Ní hamháin sin ach mhill na fóin sin tráthanna na gceist orainn ar fad, tá an chaimiléireacht tar éis iad a loit chomh mór sin gur deacair iad a eagrú a thuilleadh.
Mana ag Google is ea ‘Na Bí Olc’. Tá cuid de cheannairí an chomhlachta tar éis caint a dhéanamh ar ionchlannáin* san inchinn, cinn a ligfeadh duit cuardach idirlín a dhéanamh díreach trí smaoineamh ar rud nó do smaointe a thaifeadadh.
An t-aon fáth nach bhfuil fonn orthu dul chun cinn leo seo faoi láthair ná nach bhfuil an teicneolaíocht maith a dhóthain fós.
Ná bímis olc. Tá sceoin orm. Bíodh orainn.
*Cibearg = duine a bhfuil cuid acu déanta/feabhsaithe le teicneolaíocht.
*Ladrainn = ‘eitleáin’ fhíorbheaga a choinníonn súil ar bhaill den phobal, in úsáid i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) cheana.
*Ionchlannán = píosa beag innealra a chuirfí isteach sa cholainn, micrishlis san inchinn mar shampla.