Gutháin chliste – an réabhlóid fhrithshóisialta?

Foilsíodh líon mór alt agus staidéar le déanaí inar cuireadh in iúl an dochar atá á dhéanamh ag na gutháin chliste do mheabhairshláinte daoine óga. Tá baol 27% níos mó ann go mbeidh déagóir in ísle brí má bhaineann sé nó sí úsáid rialta as na meáin shóisialta, a léiríodh in alt amháin.

Páistí a bhaineann leas as a nguthán ar feadh trí huaire an chloig nó níos mó in aghaidh an lae, is mó seans go mbeidh féinmharú ar a n-intinn acu. Agus taispeánann na figiúirí is déanaí gur airde anois an ráta féinmharaithe i measc déagóirí sna Stáit Aontaithe ná an ráta dúnmharaithe, agus táthar ag ceapadh go bhfuil baint ag ró-úsáid na nguthán cliste leis an scéal.

Rud eile a nochtann sraith alt agus ráiteas le déanaí ó dhaoine mór le rá i Silicon Valley ná gur thuig dearthóirí na ngléasanna seo go gcúiseoidís andúil. Tá sé admhaithe ag iar-innealltóirí de chuid Facebook, cuir i gcás, go raibh sé d’aidhm acu féin an suíomh a dhearadh ar bhealach a chothódh andúil toisc gurb é sin an rud a bhí ag teastáil ón gcomhlacht ar mhaithe le brabús a dhéanamh

Go deimhin, iad siúd a bhfuil ‘eolas ón taobh istigh’ acu ar an nuatheicneolaíocht seo, tá sé de nós acu féin le fada an lá a bpáistí féin a chosaint ón nuatheicneolaíocht chéanna.  Roinnt mhaith de na guruithe teicneolaíochta is mó le rá i Silicon Valley, ní ligeann siad dá bpáistí gutháin chliste a bheith acu, fiú, agus tá an-tóir ar an mbunscoil Waldorf, scoil atá saor ón teicneolaíocht nua-aoiseach agus a dhíríonn ar an gcailc agus caint den seandéanamh. 

Ní bhactar le códú nó le cúrsaí ríomhaireachta eile ann — is é an tuairim atá acu ná gur fearr a sheasfaidh scileanna sóisialta agus bunoideachas ceart leis na daltaí amach anseo agus go mbeidh a ndóthain ama á chaitheamh acu os comhair scáileán níos faide anonn sa saol. 

Tá Steve Jobs and Bill Gates i measc na gceannairí clúiteacha teicneolaíochta a chuir srianta an-dian i bhfeidhm ar úsáid na nuatheicneolaíochta i gcás a ngasúr féin. B’fhearr go mór leo go mbeadh a bpáistí féin ag léamh leabhar, ag imirt spóirt agus ag caint lena dtuismitheoirí mórthimpeall ar an mbord dinnéir seachas a bheith ag meilt ama ar an idirlíon.

Agus tá an taighde ag dearbhú go bhfuil an ceart acu a bpáistí féin a chosaint ón méid atá á dhíol acu don chuid eile againn. Tá a fhios againn anois go bhfuil nasc ann idir ró-úsáid na nguthán cliste agus fadhbanna meabhairshláinte chomh maith le rátaí níos airde uaignis. Anuas air sin, léiríonn staidéir go bhfuil baint ag na gutháin chliste le fadhbanna sláinte faoi leith a bheith ag éirí níos forleithne – easpa codlata agus neamhord imní, cuir i gcás. 

Má bhaintear úsáid as an nguthán cliste roimh duit dul a luí, cuireann sé isteach ar chaighdeán do chodlata. Is iomaí duine nach féidir leis dul a luí in éagmais an ghutháin chliste, faraor. Tá sé seo tubaisteach dóibh siúd faoi bhun 25 ach go háirithe a bhfuil a n-intinn fós ag forbairt agus a bhfuil níos mó uaireanta codlata ag teastáil uathu ná an chuid eile againn dá bharr.

Ar bhealach aisteach, is féidir leis na gutháin chliste claonadh frithshóisialta a spreagadh ionainn in ainneoin go bhfuil siad in ainm agus cumarsáid a dhéanamh níos éasca. Is cosúil go bhfuil ceird an chomhrá faoi bhagairt — seachas mionchomhrá a dhéanamh, bímid ag stánadh ar ár ngutháin. Ní iarraimid ar ár ndaoine muinteartha conas a bhí a lá chomh minic céanna is a dhéanaimis tráth dá raibh mar bímid ag scrolláil gan stad trí na meáin shóisialta.

Seachas bualadh le cairde bíonn daoine sásta comhráite leamha a dhéanamh ar feadh na n-uaireanta fada ar na meáin shóisialta. Go deimhin, léiríonn suirbhéanna gurb iomaí duine óg atá níos mó ar a shuaimhneas ag caint ar líne seachas bualadh lena chéile go pearsanta.

In ainneoin go bhfuil sé seo ar fad ar eolas acu, tá guruithe Silicon Valley fós ar a ndícheall ag iarraidh cur le handúil a dtáirgí agus iad a dhíol le páistí. Is í an chloch is mó ar a bpaidrín siúd ná brabús a dhéanamh, ar ndóigh. Éiríonn leo páistí a mhealladh isteach i ngaiste na teicneolaíochta ag aois an-óg, rud a chiallaíonn go mbeidh siad tugtha dá dtáirgí go deo. Tá múinteoirí bunscoile anois ag rá go bhfuil bunscileanna gluaiseachta agus scríofa in easnamh ar roinnt mhaith páistí óga toisc gur beag cleachtadh atá acu ar aon rud a dhéanamh lena lámha seachas cnaipí a bhrú ar scáileán digiteach. 

SCÉALTA EILE