I ndáiríre, cad é seo?


Tá físeán foilsithe ar líne a thaispeánann réad anaithnid á nochtú i ngiorracht don Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS).

Craoltar sruth beo ón ISS ar bhonn leanúnach agus déanann foireann de thaighdeoir úfó taifead ar an sruth ar eagla go bhfeicfear aon réad eitilte gan aithint ann.

An tseachtain seo caite gabhadh an píosa scannáin seo ó cheamara an Stáisiúin Spáis ina nochtann réad anaithnid go mall os cionn fhíor na spéire (24″) agus ina n-imíonn sé arís tar éis nóiméid.

Meastar gurb iad an spásaire Sasanach, Tim Peake, agus oibrí ón Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (ESA) na guthanna atá le cloisteáil ag tús an fhíseáin.

Is iomaí uair roimhe seo a chonacthas úfónna ar shruth ceamara an ISS ach de ghnáth múchtar an craoladh measartha gasta, mar a tharla san fhíseán seo thíos ó mhí na Samhna seo caite.

Anois a chairde, cad a shíleann sibh féin atá ar siúl sna spéartha os ár gcionn?

An bhfuil úfó feicthe agat riamh? Abair linn!

SCÉALTA EILE