An bhfuil a leithéid de rud ann agus cluiche stuara (arcade game) sláintiúil?
Is deacair a bheith cinnte ag an phointe seo ach tá iarracht á déanamh ceann a chruthú, agus seo chugaibh an fhianaise.
Tá Pokémon GO tar éis doras na bhféidearthachtaí a oscailt don domhan mhór agus é ag tarraingt na teicneolaíochta agus na haclaíochta le chéile ar bhealach atá ag dul i gcion go mór ar óg agus aosta araon.
Mura lasann Pokémon GO do chíocras aclaíochta áfach, seans go mbeadh an córas nua aclaíochta seo feiliúnach duit.
Tá sé mar a bheadh cluiche stuara siamsaíochta ollmhór ann.
Is é Pavigym sa Spáinn a bhunaigh an t-ardán aclaíochta idirghníomhach seo ar a dtugtar PRAMA.
Mar a fheictear san fhíseán (thíos), tá meascán de ghluaiseachtaí idirghníomhacha le déanamh ag na himreoirí sa bhabhta traenála, a mhaireann 45 nóiméad ar fad.
Tá roinnt de na gluaiseachtaí céanna le feiceáil ann agus a fhaightear i gcláir Traenáil Eatramhach Ard-Déine, nó HIIT (High Intensity Interval Training).
Is éard atá i gceist le HIIT ná babhtaí traenála dian-aclaíochta a mhaireann tréimhsí ama ar leith (suas go ceithre nóiméad de ghnáth) fite fuaite i dtréimhsí gearra ísealdéine.
Tá na gluaiseachtaí dírithe ar sholúbthacht, ar láidreacht agus ar fhulangacht a fhorbairt.
De réir mar a thugann imreoirí faoi na gluaiseachtaí, buaileann baill choirp nó trealamh in aghaidh an talaimh, agus tá na mballaí sa seomra sofhreagrach.
Bí ag súil le tréan soilse, tréan ceoil agus go leor leor allais.
Go dtí seo is i Nua-Eabhrac amháin, san ionad Asphalt Green, ar féidir triail a bhaint as PRAMA, ach táthar ag súil leis an ardán nua aclaíochta seo a chur ar fáil ar bhonn idirnáisiúnta go luath.
Neosfaidh an aimsir cad é mar a éireoidh leis.