An chéad rud ar gá a rá faoin iPhone – agus ní ghlacfaimid le haon díospóireacht air seo – ná gurb é an fón is inmhianaithe atá ar an margadh inniu.
Cosúil leis an iPod i margadh an cheoil so-ghluaiste, is é an iPhone an rí sa mhargadh faisin, agus níl ráiteas faisin níos deise ar féidir leat a dhéanamh ná an iPhone a bhreith leat agus tú ag screadaíl ar bharr do ghutha, “Is cuma liom má chosnaíonn sé €500 le conradh 18 mí ar a bharr sin, FÉACH AIR!”.
Más suim leat é sin, tá go breá, ach tá mórán eile maith faoin ngléas freisin. Tá spás stórála 8GB nó 16GB ann, neart spáis do 2000/4000 amhrán faoi seach, nó do rogha meascán de cheol, pictiúirí, físeán agus pé rud eile gur mian leat.
Taitneoidh sé leat bheith ag tocailt trí d’albaim freisin le cover flow – an teicneolaíocht chéanna a úsáideann Apple ar a ríomhairí – é chomh hálainn le húsáid is a bhí riamh, nó atá fós má tá do cheol deas néata ina n-albaim agus clúd-ealaín le gach ceann ar aon nós.
Tá an scáileán iltadhaill (multi-touch display) chomh nuálach le haon phíosa teicneolaíochta atá feicthe le blianta anuas sa chaoi go ligeann sé duit brú suas/síos i ndoiciméid nó ar an idirlíon gan smaoineamh, agus brú isteach/amach ar phictiúirí níos éasca ná riamh agus snaidhmeann cover-flow isteach go foirfe leis chomh maith.
Go bunúsach níl fón eile ar an margadh le comhéadan úsáideora a thagann i bhfoisceacht scread asail den leagan amach seo.
Cuirfear isteach ar dhaoine áirithe go bhfuil MMS in easnamh (is gá pictiúirí nó físeanna a sheoladh le ríomhphost), dream eile go bhfuil ort an clár deighilteach úd, iTunes, a úsáid le ceol agus físeán a aistriú ó do ríomhaire – nó go hoifigiúil ar a laghad, tá leitheidí Winamp ag déanamh iarrachta aithris a dhéanamh ar an bhfeidhmiúlacht úd, ach iad gan bheith iomlán ansin go fóill.
Agus tá neart daoine eile ann a bheidh ag gearán faoi cheann amháin nó ceann eile den iliomad fadhbanna beaga a bhaineann leis an nguthán iontach seo, cé gur chóir dúinn a shoiléiriú nach bhfuil an cadhnra chomh dona is a tuairiscíodh in áitanna áirithe ar dtús.
Más duine tú a bhíonn ag gearán faoi mhionrudaí, seans nach n-oirfeadh an iPhone duit.
Más féidir leat cur suas le cúpla earráid áfach, agus má tá tú sásta athmhorgáistiú a dhéanamh ar do theach chun íoc as an íoschostas áiféiseach de €1209 i ndiaidh 18 mí, is é an iPhone an gléas duit.
Is é sin fad is dá mb’fhearr leat gan bheith i d’íobartach faisin.