‘Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste’ – an cúpla focal ag Amazon Alexa

Tuairiscíodh ar NÓS an tseachtain seo caite go raibh lucht Abair.ie i gColáiste na Tríonóide ag obair leo ar chóras aithinte cainte don Ghaeilge, macasamhail Siri Apple nó Alexa Amazon, ach is cosúil go bhfuil an cúpla focal ag Alexa cheana féin!

I bhfíseán a phostáil sí ar Twitter tráthnóna, d’fhiafraigh bainisteoir an stáisiúin Raidió Rí-Rá, Niamh Ní Chróinín, dá Amazon Dot an raibh Gaeilge aici. An freagra a thug Alex ar Niamh ná ‘I can say “is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”, it’s an Irish phrase that means “broken Irish is better than clever English”. Controversial!”

Is féidir cabhrú le lucht Abair.ie an togra a chur i gcrích trí do ghlór a thaifeadadh anseo. Táthar ag lorg glórtha ó chainteoirí dúchais, cainteoirí líofa agus foghlaimeoirí Gaeilge sa gcaoi is go mbeidh réimse leathan glórtha ar eolas ag an gcóras aithinte cainte atáthar a fhorbairt.

SCÉALTA EILE