Tá dul chun cinn mór á dhéanamh i réimse na n-earraí inbhuanaithe ach níl an oiread giuirléidí laethúla ann is féidir a mhúiríniú… go fóill.
Gach seans go bhfuil siad ar an mbealach áfach, i bhfianaise na gcásanna gutháin deasa seo ó Pela, comhlacht Ceanadach atá tiomanta plaisteach a choinneáil amuigh as na farraigí.
Is as tuí lín, agus comhábhair bhitheolaíocha eile, a dhéantar na cásanna seo, rud a fhágann go gcomhlíonann siad caighdeáin an Aontais Eorpaigh maidir le múirín a dhéanamh – ar scála mór nó fiú ar an gcarn múirín i do ghairdín nó sa bhosca múirín sa bhaile.
Tá cásanna Pela measartha bog sa lámh – is féidir greim a choinneáil orthu go héasca dá réir – agus cosnóidh siad do ghuthán ar scríoba agus ar bhraon beag nó dhó.

Tá siad éadrom go maith freisin, mar sin ní chuirfidh siad isteach ort agus tú ag iompar do ghutháin i do mhála nó i do sheaicéad.
(In ainneoin an ainm i nGaeilge, ní mholtar duit fóin phóca a choinneáil i do phóca a thuilleadh mar gheall ar an radaíocht agus na tonnta leictreamaighnéadacha a thagann astu.)
Deirtear go ndíoltar breis agus billiún (is ea, billiún!) cás fóin in aghaidh na bliana agus, ar an drochuair, caitear amach nó cailltear líon mór den mhéid sin.
Le cásanna Pela ní gá a bheith buartha faoin tionchar diúltach a imreoidh do chás ar an gcomhshaol áfach agus, leis an rogha leathan stíleanna atá acu, is fiú go mór breathnú ar an tionscnamh nuálach seo.
Caithfimid mar phobal daoine bearta suntasacha a dhéanamh ar son an phláinéid, ach is beag an ní nach cuidiú é.