Nuair a thug Nintendo an NES Classic Mini amach sa bhliain 2016, bhí éileamh ón bpobal chomh mór san gur díoladh gach ceann acu ar an bpointe. Is iomaí duine a fágadh ar an ngannchuid agus iad gan bheith in ann lámh a ghreim air, fiú agus é ordaithe roimh ré acu. Ní hamháin sin, ach bhí teora shuntasach leis an stoc a chuir Nintendo ar fáil agus is daoire anois é mar earra athláimhe ná mar a bhí sé uair a sheolta.
Níorbh é an NES Classic Mini an chéad ríomhaire dá shórt – leagan nua de sheanchonsól ina bhfuil cnuasach des na ríomhchluichí mór le rá óna ré istigh ann agus iad inimeartha díreach ón gconsól féin. Ach ba é an chéad cheann acu a tharraing aird an phobail go mór agus iad ábalta tabhairt fés na seanleaganacha de Mario, Zelda, Final Fantasy, agus go leor eile ó aimsir a n-óige — ag brath ar a n-aois, dar ndóigh!
Munar thuig Nintendo an rath a bheadh ann ar dtúis, bhíodar glic go leor ina dhiaidh sin mar bhí a fhios acu gurbh fhiú leagan beag den SNES a chur ar fáil an chéad bhabhta eile. Dheineadar amhlaidh anuraidh agus ní baol ná gur éirigh go breá leis sin chomh maith.
Ní le Nintendo amháin cumhacht an chumha i ndiaidh an tseansaoil agus na seanchonsól áfach. Ní hionadh go mbeadh comhlachtaí eile ag iarraidh cuid den chreach a bhaint dóibh féin agus cluichíocht reitreo i mbéal an phobail fé láthair. Seo chugainn aiséirí an Commodore 64 mar sin!
Ríomhaire nuálach ab ea an Commodore 64 nuair a tháinig sé amach den chéad uair sa bhliain 1982. Leis sin, chuaigh caighdeán na ríomhairí baile i bhfeabhas go soiléir agus bhí féidearthachtaí úrnua iontacha lena ghrafaic datha, 64KB RAM, agus sintéiseoir fuaime. Lig an dul chun cinn seo don C64 an lámh in uachtar a fháil i dtreo gurb é fós an ríomhaire is mó díol riamh agus idir 10 – 17 milliún acu ceannaithe ag daoine thar na blianta.
Is gearr uainn anois seoladh THEC64 Mini, leagan nua den seanríomhaire iomráiteach seo. Beidh sé ar fáil deireadh na míosa seo in Éirinn agus beidh sé suimiúil fáilt amach an raghaidh sé i mbéal an phobail sa tslí chéanna leis an NES agus an SNES Mini. Is léir ón bhfógraíocht atá curtha amach go dtí seo ag Retro Games Ltd, lucht a dhéanta, go bhfuilid ag iarraidh dul sa mhargadh céanna san agus is iomaí cosúlacht idir THEC64 Mini agus leagan amach na gconsól ó Nintendo.
Ar an gcéad dul síos, tá an focal draíochtúil ‘Mini’ i dteideal an táirge agus is beag an ríomhaire é go deimhin. Tá a leath bainte de ach cuma mar an gcéanna leis an sean-Commodore air seachas san. Tá macasamhail an tseanmhéarchláir ann ach níl feidhm leis (is féidir méarchlár USB a nascadh). Tagann sé le luamhán stiúrtha amháin ach beifear in ann ceann eile a chur leis más gá mar tá dhá phort USB shaora ann.
Ar aon dul leis an Nintendo, baintear úsáid as HDMI le dul go dtí an teilifís agus USB chun cumhacht a thabhairt don ghléas. Ní crua-earraí an tsean-Comodore atá in THEC64 Mini ach bogearraí aithrise chun an córas a chur ar siúl. Tagann an ríomhaire le 64 cluiche agus na clasaicí ar nós Uridium, Paradroid, agus Hawkeye ann. Difríocht ollmhór amháin idir seo agus an Nintendo, áfach, ná go mbeifear in ann cluichí breise a chur leis tríd an USB. Táim cinnte go gcuirfidh sé seo roinnt daoine fé dhéin an ríomhaire.
Murab ionann agus ríomhchluichí na laethanta seo, bhí na seanchluichí seo nótálta sa tslí is gurbh fhéidir le duine aonar iad a chruthú ach samhlaíocht agus fís a bheith acu. Tá cultúr DFÉ (DIY) i réim i gcónaí agus deirtear go mbeidh BASIC, teanga ríomhchlárúcháin an Commodore 64, sa ríomhaire nua leis. Cá bhfios ach b’fhéidir go dtabharfaidh sé seo deiseanna do dhaoine nua tabhairt fé chluichí a chruthú. N’fheadar an bhfeicfimid cúpla cluiche Gaeilge ar an C64 amach anso mar sin!
* Ar fáil ó Smyths (€79.99) agus GameStop (€99.99) an 29 Márta 2018.