Is mór an spórt FIFA 17

Tá sé linn faoi dheireadh!

An leagan is déanaí de FIFA, an tsraith saincheadúnais spóirt is mó ar domhan.

Bhí na céadta, na mílte, na milliúin fiú ag súil leis…. seachas mise.

Ach cén fáth sin a Cholmáin, cén fáth?

Go raibh maith agat as a bheith ag cur na ceiste, a chara.

Ní raibh mé ag súil leis mar le 12 mhí táim ag streachailt le FIFA 16.

Níor thaitin an fhisic nua liom. Níor thaitin an imirt ar-líne liom

Ní raibh mé in ann bua a cheannach!

Bhí mé in ísle brí le mí anuas nuair a thosaigh feachtas margaíochta EA do FIFA 17.

An mbeadh na deacrachtaí céanna agam?

An bhfeicfinn roinn a haon riamh arís?

An mbeinn in ann níos mó ná dhá phasáil a chur le chéile?

Freagrófar na ceisteanna uile, ach léigh leat.

An imirt í féin ar dtús mar sin: tá an fhisic agus an bheochan imeartha athraithe i mbliana a bhuíochas leis an inneall nua Frostbite a bheith in úsáid.

Seo an teicneolaíocht a úsáideadh lena leithéidí Battlefield, Mass Effect agus Mirror’s Edge Catalyst á fhorbairt agus tá sé ar fheabhas.

fifalar

Tá sé seo ar an leagan is deise de FIFA go dtí seo le bheith ag breathnú air.

Tá an imirt ar ardchaighdeán freisin; tá an phasáil mín agus leachtach, tá intleacht shaorga na n-imreoirí feabhsaithe go mór agus tá teagmháil na n-imreoirí leis an liathróid i bhfad níos fearr.

Seo feabhas cinnte ar an méid a bhí le feiceáil in FIFA 16 agus an rud is mó a sheasann amach ná go bhfuil na himreoirí in ann an liathróid a chosaint i gceart anois.

Tá mé lán sásta leis seo mar gheall ar mo chosaint a bheith lofa in FIFA 16.

Ag bogadh ar aghaidh anois go dtí ‘Ultimate Team’ agus níl mórán athraithe anseo, ach bhí muid ag súil leis sin.

Tá modh nua dar teideal ‘FUT Champions’ ina bhfuil comórtas seachtainiúil ann agus anuas air sin tá ‘squad challenges’, áit ar féidir leat níos mó pacaí agus pointí a ghnóthú.

Ó, agus dóibh siúd a d’imir FIFA 16, tá EA ag tabhairt duaiseanna amach i bhfoirm pacaí éagsúla… nach iad atá deas flaithiúil!

Mar achoimre ar an méid sin, molaim EA go mór.

D’éist siad leis an lucht leanúna agus rinne siad athruithe agus ceartúcháin chuí.

Tá rud amháin áfach nach raibh mórán ag súil leis agus sin an modh imeartha úrnua ‘The Journey’ – tá sé thar barr.

Seo an t-athrú is suntasaí agus bealach iomlán nua le FIFA a imirt, agus tá mé sainithe ann.

Glacann tú ról imreoir óg darb ainm Alex Hunter agus caithfidh tusa é a threorú tríd a bhlianta mar imreoir proifisiúnta.

pearsantacht

Roghnaigh club, roghnaigh stíl traenála, roghnaigh a phearsantacht fiú.

Sea, is féidir leat a phearsantacht a mhúnlú trí chinntí éagsúla a dhéanamh.

An imríonn sé dó féin nó don fhoireann?

An bhfuil airgead níos tábhachtaí ná a mhuintir?

Is mór an spórt é caithfidh mé a rá agus mholfainn an leagan seo de Fifa don chuid seo amháin!

Mar sin tá an cluiche ina hiomláine iontach ar fad.

Idir na ceartúcháin, an dearadh agus na modhanna nua imeartha seo an leagan is láidre de Fifa le fada an lá.

B’fhearr dom an bóthar a bhualadh mar sin, táim ag traenáil leis an bhfoireann shinsir i gceann leath uaire!


Is féidir Colmán a leanúint ar @colmanacus.

 

SCÉALTA EILE