Ladrann Facebook ar eitilt

Maidin inné thar ghaineamhlach Sonora in Arizona SAM d’éirigh ladrann de chuid Facebook de thalamh den chéad uair.

Breis agus 40 meadar ar leithead, tá sé i gceist go mbeadh an Aquila in ann comharthaí idirlín a chraobhscaoileadh in áiteanna iargúlta nach bhfuil fáil acu ar an idirlíon faoi láthair.

Toradh ar míonna fada de thrialacha ba ea an chéad eitilt seo agus d’fhan an ladrann grianchumhachtaithe san aer ar feadh 96 uair an chloig, níos faide ná an tréimhse a bhí beartaithe.

Is i Meiriceá Theas a chuirfidh Facebook na ladrainn i mbun oibre ar dtús, cé go bhfuil tuilleadh tástálacha le déanadh sula mbeidh idirlíon ar fáil sna hAindéis nó san Amasóin go fóill.

Tá cáineadh áirithe déanta ar an chomhlacht líonrú sóisialta, agus ar Google, mar gheall ar a gcuid iarrachtaí an t-idirlíon a thabhairt isteach chuig ceantair thearcfhorbartha, le daoine á rá nach bhfuil siad ach ag cur a seirbhísí féin chun tosaigh, ach dar leo féin go bhfuil 1.6 billiún duine ar domhan atá gan idirlíon i láthair na huaire a d’fhéadfadh leas a bhaint as teicneolaíocht mar seo sa todhchaí.

aguila2

Agus ní hiad Facebook féin a dhéanfaidh na ladrainn ach tá siad chun na gormchlónna a eisiúint don phobal ionas go mbeidh comhlachtaí ar fud na cruinne in ann iad a tháirgeadh.

Tá buaicphointe an idirlín fós le teacht is cosúil…

SCÉALTA EILE