An tseachtain seo caite seoladh UFC 2, eisiúint nua de chuid EA Sports.
Seo cluiche oifigiúil an UFC, an spórt is mó cáil ar domhan faoi láthair, a bhfuil na réaltaí Conor McGregor, trodaí mór na hÉireann, agus Ronda Rousey as SAM ar an gclúdach. (Tuilleadh faoi sin ar ball.)
Deacracht mhór le cluichí spóirt mar seo ná imreoirí seasmhacha a choinneáil sásta agus imreoirí nua a mhealladh isteach.
Is imreoir nua mise.
Go hiondúil imrím cluichí troda sa stíl arcade (atá níos traidisiúnta abair), seachas cinn dáiríre.
Thóg sé cúpla babhta orm dul i dtaithí ar an gcluiche seo mar bhí an imirt ar luas lasrach ach théis dom sos a thógáil agus m’anáil a fháil ar ais thosaigh mé ag baint an-sult as.
Chabhraigh sé freisin nach raibh mo lámha báite le hallas níos mó, rud nár tharla agus mé ag imirt cluiche ríomhaireachta le fada an lá!
Is iad na rudaí is mó a chuaigh i gcion orm ná an dearadh, na grafaicí agus an fhuaim.
Tá siad ar fad ar ardchaighdeán.
Chuir siad líonrith orm agus mhúscail siad mothúcháin ionam nach raibh mé ag súil leo, ina measc, áthas, briseadh croí agus bród.
Tá an bheochan dochreidte.
Mothaíonn tú gach buille agus cic agus feiceann tú gach gearradh agus gach braon fola.
Sár-léiriúchán atá i ann, agus é pósta le hinneall troda atá mín agus snasta, tá cluiche fíor-láidir déanta ag EA, ach níl sé foirfe.
Ar nós Fifa, Madden, agus NHL, bíonn EA ábalta athruithe beaga, ach suntasacha, a dhéanamh gach bliain.
An uair seo, athraíodh an córas greamaithe, nó grappling, agus is dócha gur seo an chuid is deacra le haistriú ón ochtagán go dtí an scáileán.
Tá sé casta, ciotach agus deacair le déanamh agus théis píosa níor bhac mé leis ar chor ar bith!
Is trua sin mar gan an chuid seo a bheith foirfe, nó gar go maith dó, níl an cluiche iomlán ar bhealach.
Sin ráite, den chuid is mó is iarracht láidir é seo.
Cinnte, is mór an spórt é dóibh siúd nár imir na cluichí a tháinig roimhe agus tá a dhóthain gnéithe nua ann (KO Mode agus UFC Ultimate Team ina measc) don lucht leanúna ach go dtí gur féidir le duine éigin an greamú agus smachtú a fheabhsú ní bheith an cluiche seo ag teacht amach chun tosaigh.
Anois ar ais go dtí an gclúdach.
Le blianta beaga anuas tá caint ar an “EA Sports Cover Curse” (déan cuardach Google do thuilleadh).
Go simplí, is ea atá i gceist leis nach n-éiríonn rómhaith leis na réaltaí a roghnaíonn EA.
Thosaigh an mhallacht le himreoirí NFL a bhí ar chlúdaigh Madden; gortaíodh daoine, theip orthu i dtástálacha drugaí srl.
Anuraidh, cúpla lá théis gur seoladh an chéad bhlaisín do UFC 2, chaill banríon an UFC Ronda Rousey in éadan Holly Holm agus i mbliana fuair Nate Diaz an lámh in uachtar ar laoch trodaí na hÉireann Conor McGregor.
Tá sé fós ina sheaimpín cleitmheáchain ceart go leor ach ar feadh cé chomh fada eile?
Tá EA Sports UFC 2 ar fáil anois don Playstation 4 agus Xbox One.
Leanaigí Colmán ar @colmanacus