Meastar go sáróidh clódóireacht 3D tionchar an idirlín féin i gceann cúpla bliain agus go mbeidh comhlachtaí ag plé leis an teicneolaíocht nuálach seo ar bhonn laethúil ina ngnáthshaol oibre.
Cheana féin, tá gnólacht nuathionsanta (startup) de chuid na Fraince ag baint leasa as clódóireacht 3D chun múscáin (moulds) mhilseáin a chruthú, dírithe ar chomhlachtaí atá ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an phobal ar líne.
Líreacáin de chruthanna éagsúla a bhaineann leis an chultúr coiteann atá mar thoradh ar an phósadh seo idir nua agus sean, a tharraingíonn an comhlacht deartha agus teic ‘Babines’ – atá lonnaithe i bPáras – agus milseogaire ceirde áitiúil le chéile.
Idir choirp nochta, an mhéar fhada, roicéad agus ordóg san aer, tá réimse leathan de líreacáin ar mheascán cruthanna á dtairiscint agus iad feiliúnach do dhaoine fásta!
Is é an fiontraí óg Victor Barouin – atá 24 bliain d’aois – atá taobh thiar den togra seo.
Chonacthas dó go raibh bearna sa mhargadh faoi choinne milseán snasta blasta a rachadh i bhfeidhm ar phobal Instagam agus ghréasáin shóisialta eile.
A bhuíochas le héifeacht na clódóireachta 3D, tá sé de chumas ag an chomhlacht réimse leathan – 50 múscán san iomlán – a thairiscint do chomhlachtaí agus súil acu líreacáin féindeartha á gcur ar fáil go luath.
Anuas ar an dearadh, tá na líreacáin éagsúla seo ar fáil i mblasanna traidisiúnta; líomóid, sú talún, cóla agus oráiste go dtí seo.
Is breá linn an físeán atá déanta acu a léiríonn gach cuid den phróiseas!