Ar Lá ‘le Padraig na bliana seo beidh Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ag freagairt na ceiste “cad atá á dhéanamh agat?” ar an láithreán líonraithe sóisialta, Twitter.
Seolfar grianghrafanna, ‘tbhaoitfear’ cúpla focal agus roinnfear an chraic. Seo agat #lnag : Lá Twitter na Gaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge.
Ach céard is Twitter ann? Go lom, séard atá ann ná uirlis ar líne a chuireann ar chumas úsáideóirí nótaí beaga 140 carachtar ar fhad a sheoladh, agus a ligeann do dhaoine eile na nótaí sin a leanúint.
“Uafásach!” a chloisim. Agus ní mór dhom a admháil nach raibh aon ró-fhonn orm bacadh leis nuair a chuala trácht air an chéad lá riamh – gléas eile social notworking a ghoideas dríodar m’ama, agus fuílleach m’anama.
Síor-ghiolcaireacht, síor-nuashonrú: torann bán do-éalaithe. Tá’s agat féin: táim ag ithe mo lóin; táim ag freagairt m’fhóin; bhí an rud suimiúil seo agam do mo bhricfeasta …
Agus tá sé sin ann, dar ndóigh – ní haon mhaith é a shéanadh – ach tá sé furasta go leor é a scagadh amach.
Tá rud eile ann, chomh maith, áfach: I mo ghnáthshaol oibrím le ceol, ealaíon, agus ríomhairí, agus ní chreidfeá an oiread eolais a fhaighim anois ar chuile cheann acu siúd tré giolcairí cuí a leanúint.
Gan trácht ar na seoda a sheolann mo dhlúth-chara @stephenfry go pearsanta chugam féin agus 200,000 leantóir nach mé.
Buntaiste don Ghaeilge
Anois, agus é á rá ag daoine cheana féin go bhfuil Twitter, like, choooomh 2008, feictear dhomsa go bhfuil fiúntas ann do lucht labhartha na Gaeilge.
Tá sé thar a bheith éasca comhluadar idirnáisiúnta neamhfhoirmealta Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt.
Go deimhin tá a leithéid ar an saol agus ina mhion-óige cheana againn; ‘An Ghioltacht’ baistithe go cliste ag @eamonj agus @ocuile air.
Tá na liostaí ríomhphoist ann cinnte (Gaeilge-a, Gaeilge-b, fóram 7rl), agus buíochas le Berners-Lee go bhfuilid – bainim féin an-úsáid astu agus bíonn a mbaill iontach cabhrach.
Ach níl áit orthu sin ach don Ghaeilge mar ábhar. Ar na liostaí, pléitear an Ghaeilge, ach sa Ghioltacht, pléitear as Gaeilge, cuma faoin gcaighdeán. Cuma faoin gCaighdeán, fiú.
Tá Facebook ann chomh maith, dar ndóigh, agus i bhfad níos mó Gaeilge air na laethannta seo.
An clár féin fiú ar fáil anois as Gaeilge – rud a úsáidim anois, agus atá ar fheabhas. Nó ag feabhasú ar a laghad
Ar Twitter bheartaíos dhá chomhartha aitheantais – ceann Gaeilge agus ceann Béarla – agus áthas go ndearnadh, mar go bhfuil sé ag oibriú amach go breá.
Tá se éasca léimt ó ainm ríomhchléite go hainm ríomhchleite eile. Agus feicim go bhfuil daoine eile anois a dhéanann amhlaidh.
Réamh-réabhlóidín idirlín. Idir sinn.
Fás na Gioltachta
Mar thoradh air sin go léir, mothaím go bhfuil aithne phearsanta á cur agam ar mhuintir na Gioltachta – gaol nár bhraitheas riamh, i bhfírinne, ar na liostaí r-phoist.
Sin ráite, tá rud álainn ag titm amach de réir a chéile: tá ball nó dhó de na liostaí sin ag teacht chun na Gioltachta, agus faoi dheireadh, thig liom bualadh leis an duine fíorúil go fíor.
Lig Scíth, más ea. Fág síos Gramadach na mBráithre agus Réchúrsa Gramadaí (m’aois á nochtadh agam ansin), agus bí linn do #lnag.
Tar isteach. Tá’n fionn uisce go hálainn. Céard atá á dhéanamh agat, a chara?