Mario, Sonic agus anois Faith
Cluiche leantach EA 'Mirror's Edge Catalyst' seolta!

Tá rún agam.

Tá mé á choinneáil istigh le fada an lá agus ceapaim gur seo an t-am lena scaoileadh.

An bhfuil sibh réidh?

Ní maith liom cluichí ardán.

Tá an ghráin agam orthu.

Ní thuigim cén fáth go bhfuil daoine tógtha leo. Tá siad lán go béal le frustrachas, imní agus pian.

An chúis is mó nach dtaitníonn siad liom ná go bhfuil mé uafásach ina mbun.

Uafásach amach is amach.

Is cuma más é an cluiche is fearr a rinneadh riamh é, ní bheadh ann ach cur i gcéill dá ndéarfainn go raibh mé ag baint taitnimh as.

Thosaigh sé seo le Mario, lean sé le Sonic agus stop sé le Flashback.

Sin an cluiche ardán deireanach a d’imir mé. B’shin 1992.

Agus mé ag lódáil Mirror’s Edge Catalyst le gairid den chéad uair, bhraith mé na seanmhothúcháin a luaigh mé thuas ag borradh ionam arís.

Seo an dara cluiche sa tsraith ó na foilsitheoirí iomráiteacha EA.

Glacann imreoirí ról Faith arís agus í ag léim, ag dreapadh agus ag preabadh mórthimpeall na cathrach todhchaíche, ‘Glass’.

Eisíodh an chéad chluiche in 2008 agus fuair sé moladh ard ag an am mar gheall ar an gcasadh nuálach a chuir na déantóirí ar an seanrá agus as ucht eilimintí Parkour a thabhairt chomh fada le himreoirí.

Tá na heilimintí sin le feiceáil arís in Catalyst – agus sin í an fhadhb.

Thóg sé ocht mbliana ar EA an cluiche leantach seo a eisiúint, agus le bheith macánta faoi, ní fheicim féin toradh a gcuid oibre.

Tá na deacrachtaí céanna leis an leagan seo agus a bhí ann an chéad lá riamh.

Níl san imirt ach na rudaí céanna a athdhéanamh arís is arís eile – léim air sin, bailigh é seo, buail é sin.

Tá intleacht shaorga na mbithiúnach lag agus tá an scéal féin chomh háiféiseach sin nach gcuirfeá suim dá laghad ann.

B’fhiú an cúpla rud dearfach atá ann a lua, áfach.

Tá saoirse agus spraoi le brath agus cathair ‘Glass’ á fiosrú agat. Agus breathnaíonn sé go hálainn, ach ní leor sin.

Is mór an trua é, mar bhí mé ag súil le i bhfad níos mó ó EA agus tréimhse chomh fada sin idir an dá chluiche.

Cé nach maith liom eisiúintí sa seanrá seo go hiondúil, aithním cluiche maith nuair a imrím é agus bhí sé seo díomách.

Do lucht leanúna Mirror‘s Edge, mholfainn é go cinnte, ach an chomhairle atá agam dóibh siúd nach bhfuil acu ach leathshuim sa seanrá seo ná d’airgead a choimeád i do phóca.


Tá Mirror’s Edge Catalyst ar fáil anois don Playstation 4, Xbox One agus PC. – @colmanacus