Níl deireadh fós leis an gclár grafaicí Microsoft Paint, tar éis gur léiríodh tacaíocht ollmhór dó ar líne le cúpla lá anuas.
Tá an bogearra cáiliúil – atá ar fáil saor in aisce le gach leagan de MS Windows ó bhí 1985 ann – sna ceannlínte mar gur fhógair Microsoft go raibh siad chun críoch a chur leis agus nach raibh siad lena eisiúint mar chuid den chéad nuashonrú eile de Windows.
Ní mó ná sásta a bhí ‘lucht leanúna’ Paint áfach – a mbaineann 100 milliún duine úsáid as gach mí go fóill – agus chuir siad a mbrón agus a míshástacht in iúl don chomhlacht go tréan.
Chuaigh an t-aischothú an oiread sin i bhfeidhm ar Microsoft go bhfuil sé fógartha acu anois go mbeidh Paint ar fáil feasta saor in aisce ó Stór Aipeanna Windows.
Mar sin cé nach mbeidh sé suiteáilte go huathoibríoch ar Windows – glacfaidh clár nua darb ainm Paint 3D an ról sin – beidh an sean-MS Paint go fóill ar fáil mar íoslódáil.
Beidh deis fós agaibh mar sin sárshaothair mar atá léirithe anseo a chruthú in bhur n-am saor!