Mise Ollie, Ollie aclaí
Giuirléid ghasta úr do chách

Seo Ollie.

Tá sé beag. Tá sé lúfar. Is maith leis cleasanna. Agus is róbat é.

Ó tháinig an ghiuirléid ghasta seo ar an mhargadh anuraidh tá an t-éileamh air ag géarú beagnach chomh sciobtha leis féin.

Nascann Ollie le haip ar do ghlicghuthán agus is féidir leat é a threorú pé áit is mian leat, seachas uisce.

Úsáideann sé Bluetooth chun ceangal le do ghléas, rud a chiallaíonn gur féidir leis rolladh ar aghaidh suas le 30 méadar, agus baineann sé 14 mph amach gan stró.

Cuir síos cúpla bacainn dó agus, leis na gluaiseachtaí cearta, cuirfidh tú féin agus Ollie taispeántas den scoth ar fáil!

Bronntanas iontach d’aon duine a dtaitníonn giuirléidí, luas agus scil leo.


Tá Ollie ar fáil ó gosphero.com ar €90.

Féach air i mbun aicsin anseo: