Tá sé i gceist ag Google dul i ngleic le ceist na cothromaíochta inscne i ndomhan an Emoji agus scata nua siombailí a léiríonn mná oibre beartaithe acu don bhliain amach romhainn.
Tháinig grúpa oibrithe ó Google le chéile, i dteannta Mark Davis, duine de bhunaitheoirí Unicode Consortium, le dul i ngleic leis an easnamh atá ann i measc na straoiseog a bhfuil muid cleachta leo ar líne.
Is eagraíocht neamhbhrabús í Unicode Consortium a chuireann caighdeáin bhogearraí idirnáisiúnta chun cinn.
Go dtí seo, tá mná Emoji le feiceáil i bhfoirm cailíní deasa gléasta i ngúnaí bándearga agus mná atá ag iompar clainne.
Dúradh san iarratas gur cheart mná a bheith feiceálach i bpoist éagsúla agus go bhfuil sé thar am gur tugadh aitheantas cuí do mhná sa domhan Emoji.
Má ghlactar leis an iarratas, beidh beanghnó, banaltra, oibrí monarchan, dochtúir, eolaí, teicneolaí, feirmeoir, ceoltóir agus cócaire san áireamh ar mhéarchlár Emoji 2017.
Ghlac Unicode Consortium le 77 Emoji randamach ar na mallaibh, ina measc imreoirí liathróid láimhe, baguette agus cíobhaí (kiwi).
Meastar go seolann mná ar fud na cruinne breis agus billiún Emoji gach lá mar sin is cinnte go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh aitheantas agus cothromaíocht na féinne i measc na siombailí coitianta seo.
Is maith ann é a leithéid d’fhorbairt cinnte ach bheadh muid ag súil go spreagfadh sé Google agus comhlachtaí móra teic mar iad chun cothromaíocht a chur cinn san fhíorsaol chomh maith.