Chuala muid ar fad trácht ar chloigín na maidine a mhúsclaíonn daoine le fuaimeanna farraige.
Ach ar chuala sibh faoin tseirbhís nua seo atá ar fáil sa tSeapáin ina gcuireann iascairí mara scairt ar dhaoine atá ag iarraidh a bheith múscailte go moch ar maidin?!
‘Glaoch an Iascaire’ nó ‘漁師が起こしてくれるモーニングコールサービス’ sa tSeapáinis, a thugtar ar an tseirbhís seo, atá ag cuidiú le daoine óga ar fud na Seapáine fanacht ar shiúl ón chnaipe suain.
Ar oscailt na haipe duit, níl le déanamh ach am a roghnú ag ar mhaith leat glaoch a fháil agus ainm an iascaire a phiocadh, ar nós Shota Abe (thuas), a chuirfidh an scairt ort.
Ansin agus an t-iascaire i mbun oibre amuigh ar na farraigí móra, tógfaidh sé briseadh le scairt a chur ort agus giota beag cainte a dhéanamh leat.
De réir na bpróifílí, is as Réigiún Sanriku de na hiascairí ar fad.
Ceantar cósta é Sanriku in Oirthuaisceart Honshu, príomhoileán na Seapáine, a bhfuil traidisiún láidir iascaireachta ann.
Is iad iascairí an cheantair, atá ina mbaill de Chumann Iascairí na Seapáine, a tháinig aníos leis an smaoineamh seo a bhfuil sé mar aidhm aige spreagadh a thabhairt d’earnáil na hiascaireachta.
Mar atá in Éirinn, tá líon na n-iascairí ag lagú go mór le roinnt blianta sa tSeapáin agus is é seo an chéad fheachtas atá dírithe ar an ghlúin óg a tharraingt ar ais i dtreo na hiascaireachta.
Táthar ag súil go gcothóidh “teagmháil dhíreach” idir na hiascairí agus daoine óga spéis iontu dul le gairm na hiascaireachta.
Agus an-tóir ar an tseirbhís go dtí seo, beidh na hiascairí ar fáil le glaochanna maidine a dhéanamh go deireadh na míosa.
Na hiascairí mara abú!