Cad é agus cén fáth ar cuma liom?
Bhuel, mar a thuigfeadh duine ar bith a smaoineodh faoi, tá difríocht idir teilifís le 100Hz scríofa air agus 200Hz.
Agus níl i motionflow ach an t-ainm a thugann Sony air, ó tharla gur gá dóibh bheith difriúil – agus is ainm deas é a bhfuilimid lán-sásta a úsáid, mar a tharlaíonn sé.
Cinnte, ach cad é?
De ghnáth athraíonn pictiúr ar teilifíseán 60 uair sa soicind, sin 60Hz.
Den chuid is mó, ní athnaíonn súil an duine faic níos tapúla ná sin ach, nuair a thosaíonn rudaí ag titim amach go tapa ar an scáileán, uaireanta éiríonn an pictiúr rud beag stadach, nó ar a laghad tagann an chuma sin air.
Trí bhreis pictiúr a chur isteach sa tsraith, is féidir an ráta a ardú go 100Hz, 120Hz srl agus cuid den stadachas sin a bhaint.
Ach cad as a dtagann na pictiúir nua seo?
Bhuel, sin an deacaracht.
Cé go ligeann motionflow duit pictiúirí a athrú go tapaidh, muna bhfuil aon phictiúr ann le hathrú chuige, ní dhéanann an luas sin maitheas ar bith duit.
Chun an fhadhb seo a shárú tá déantúsóirí i ndiaidh bheith ag obair ar fhoirmlí mata chun an spás idir dhá phictiúr a líonadh leis an rud a bheadh ann, dá mbeadh aon rud ann. Má thuigeann tú.
Agus an oibríonn sé?
Bhuel, mar aon le haon dul chun cinn eile mar seo deir daoine áirithe nach féidir leo filleadh ar shean-teilifís, deir daoine eile nach bhfeiceann siad an difríocht.
Chun rudaí a dhéanamh níos casta fós tá difear idir iarrachtaí déantúsóirí éagsúla. Má tá teilfís nua á lorg agat, in ainm Dé téigh agus féach air roimh ré, le feiscint an bhfuil aon mhaitheas leis, agus más féidir, féach air taobh le taobh le scáileán gan motionflow.