Eisíodh grianghraf eile an tseachtain seo a ghlac spásteileascóp Hubble de réaltraí i gcéin a bhféadfadh “na billiúin domhan aisteach” a bheith beo ann.
Agus é ar a thuras breathnóireachta spáis, tá teorainneacha na cruinne mar a thuig muid roimhe seo iad á sárú ag an spásteileascóp Hubble, comhfhiontar de chuid Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa agus NASA.
Tá 51 réaltra aimsithe go cinnte sa bhraisle réaltraí (galaxy cluster) ar a dtugtar Abell S1063, agus tá an fhéidearthacht ann go bhfuil 400 réaltra sa bhreis ar an líon sin ann.
Thángthas ar Abell S1063 ar na mallaibh, agus dar le heolaí Hubble, d’fhéadfadh na billiúin domhan aisteach a bheith istigh ann.
A bhuíochas le lionsáil imtharraingthe (gravitational lensing), feiniméan nádúrtha solais a tharlaíonn sa spás nuair a dhéantar freangadh ar spás-am, tá Hubble ábalta réaltraí i bhfad i gcéin a aimsiú.
Is é Einstein a thuar na buntáistí a bhaineann le lionsáil imtharraingthe an chéad lá breis agus 100 bliain ó shin.
Meastar go bhfuil Abell S1063, an bhraisle atá ag lonrú go geal i lár an phictiúir seo, 4 bhilliún solasbhliain ar shiúl ón Domhan s’againne.
Dá mbeifeá in ann dul a fhad le Abell S1063, ghlacfadh sé 4 bhilliún bliain ort agus tú ag dul ar luas an tsolais.
Agus tá sé de chumas ag Hubble réaltraí níos faide ar shiúl ná sin a aimsiú!
Is ionann na stuanna (arcs) solais a bhfuil cuma níos éadroime orthu sa ghrianghraf agus réaltraí i bhfad siar ó Abell S1063.
Táthar ag tuar go bhfuil ceann de na réaltraí taobh thiar de Abell S1063 thart ar 12.7 billiún solasbhliain ar shiúl.
Seo an ceathrú braisle réaltraí a bhfuil taighde déanta ag Hubble air, agus táthar ag súil le dhá bhraisle eile a aimsiú sa dá bhliain atá amach romhainn.
Má tá cúrsaí ama agus spáis ag cur mearbhall ort, níl tú i d’aonar.
Ach is léiriú iontach é ar an spás iomadúil atá ann taobh amuigh de Bhealach na Bó Finne, an réaltra álainn s’againn féin, agus ar an oiread nach eol dúinn fós!