Na Gaeil mar inspioráid ag lógó nua Google?


Tá lógó úrnua ag an bhfathach idirlín Google.

Tá bata agus bóthar tugtha acu don chló trasmhíre (serif) agus cuma níos comhaimseartha curtha leis na litreacha clúiteacha, le leasú beag déanta ar na dathanna chomh maith.

Is féidir leis an lógó nua athrú de réir gléasanna agus is íomhá bheo é fosta, mar a léiríonn leathanach baile an innill chuardaigh inniu:

Rud amháin a sheasfadh amach do na Gaeil áfach ná go bhfuil cosúlacht éigin idir an lógó nua agus ‘G’ cáiliúil Gael Linn.

Meas sibh, agus oifig ag Google i mBaile Átha Cliath, go raibh duine den fhoireann deartha anseo agus gur tháinig siad ar chlófhoireann dheas an eagrais Ghaeilge?

Ní amháin sin ach níl sé neamhchosúil leis an lógó a bhíonn in úsáid ag Gaelchlub Bhéal Feirste, An G Spota, ach an oiread.

An dóigh libh gur thug oibrithe Google cuairt air sin chomh maith?

Tá teagmháil déanta againn le comhlacht mór Mountain View na Calafóirne ach níl freagra faighte againn go fóill…

gael-linn-g-spota

SCÉALTA EILE