‘Náisiún spáis’ á phleanáil

Tá sé de sprioc ag eagraíocht neamhbhrabúis an chéad ‘náisiún’ a bhunú sa spás, agus tá beagnach 230,000 duine tar éis a n-ainmneacha a chur leis an choincheap.

Asgardia – ómós don saol i miotaseolaíocht na Lochlannach ina gcónaíonn na déithe – is ainm don togra ceannródaíoch seo atá á chur chun tosaigh ag an eolaí agus fear gnó Rúiseach, an Dr. Igor Ashurbeyli.

Is mian le Ashurbeyli, ar cathaoirleach é ar Choiste UNESCO ar Eolaíocht an Spáis, agus le heolaithe eile ‘náisiún spáis’ a bhunú a bheadh oscailte do dhaoine as gach tír ar domhan, a bheadh neamhspleách ar pholaitíocht anseo, a chuirfeadh béim ar shíocháin agus a chruthódh deiseanna úrnua ó thaobh na heolaíochta agus na tráchtála de.

Tosóidh an náisiún amach le satailít bheag – a sheolfar ar roicéad de chuid NASA níos moille i mbliana – agus, de réir mar a fhorbraítear an teicneolaíocht, cuirfidh siad spásárthach chun seoil ar a mbeidh daoine in ann maireachtáil, ar nós an Spás-Stáisiúin Idirnáisiúnta.

Lógó Asgardia


bunreacht cuimsitheach dréachtaithe do Asgardia cheana féin a bhfuil níos mó ná 40,000 ball tar éis tacú leis agus tá timpeall 300 Éireannach cláraithe leis an náisiún molta, daoine atá lonnaithe sa Ghaeltacht san áireamh.

Admhaíonn Ram Jakhu, duine de chomhbhunaitheoirí Asgardia, go bhfuil go leor sceipteach ag an tionscnamh nua ach ní chuireann sé sin isteach ná amach orthu sin atá ag obair go díograiseach air.

“Tá muid ag tosnú go beag ach le himeacht ama beidh daoine ag dul go spás le cónaí a dhéanamh ann, ag forbairt a gcuid rialacha féin faoin chineál saoil agus náisiúin ba mhian leo,” ar seisean.

“Is minic a dhéantar a bheag de smaointe úrnua radacacha ach thosaigh gach rud iontach atá againn inniu le smaoineamh craiceáilte.

“Tar éis tamaill athraíonn ficsean eolaíochta isteach ina fhíric eolaíochta – tá muid díreach ag tús an turais seo.”

Beidh le feiceáil an dtiocfaidh aon toradh ar na pleananna ach má tá suim agat i saol i measc na réaltaí agus dá mba mhaith leat bheith ar an eolas faoi na chéad fhorbairtí eile, is féidir fós clárú le Asgardia anseo.

SCÉALTA EILE