Ní amháin go “Laidhceáilim” thú

Déanann Eoin P. Ó Murchú iniúchadh ar Fhreagraí (Reachtions) Facebook. Cén tionchar atá acu ar theangacha an domhain agus cén fáth a bhfuil roinnt gramadóirí spréachta fúthu?


Tá siad linn le tamall anuas.

“Like, Love, Sad, Angry, Wow, agus Haha” a thugtar orthu as Béarla agus tá Gaeil tar éis “Gáire, Iontas, Brón, Is maith liom é, Fearg, Grá” a bhaisteadh orthu cé nach léir an ligfidh Facebook dúinn iad a ghaelú fós…

Ní mór cuimhneamh air go bhfuil na pictiúir seo beagán éagsúil ó emojithe nó straoiseoga.

Is grafíocóin iad seo ó tá focal luaite ag Facebook le gach ceann acu. Tá lucht gramadaí an Bhéarla ag cnáimhseáil fúthu seo cheana.

In agallamh a chuir wired.com ar Geoff Pullum, chuir sé na ‘Freagraí’ i gcomparáid le gnúsachtach ainmhithe! Mí-abha!

Luaitear go bhfuil fadhb leo toisc gur deacair a dhéanamh amach ar chóir ainmfhocal a bheith i gceist leo, abair an ‘grá’ nó ‘gráim’ atá ann.

Cuid acu is aidiachtaí iad agus cuid eile is intriachtaí iad (leithéidí ‘wow’).
Emojoi new
Dar le Susan Herring, teangeolaí in Ollscoil Indiana go gcruthaíonn sin fadhb ó thaobh na comhréire, níl a fhios ag an intinn céard is gá a dhéanamh leis na piceanna éagsúla ó tá codanna éagsúla den abairt i gceist leo.

Ach creidim nach gá gur fíor dó sin.

Le teacht na n-emojithe tá an intinn ag dul i dtaithí pic a chur in ionad focal nó abairtí fiú.

Seans nach seasann an pic d’aon fhocal nó abairt a bheadh ag an duine ach do rud eile ar fad anois.

Is ionann an pic agus coincheap, rud níos mó ná an focal lom.

Is cinnte go mbíonn tionchar millteach mór ag Facebook ar theangacha ar mhórán slite.

Baineann thart ar 600 milliún duine úsáid as Facebook ar fud na cruinne.

Féach nach ró-aisteach leis an gcluas a thuilleadh ‘Cé mhéad likes a fuair tú don phostáil sin?’

Tá díospóireacht ann faoin iasacht seo “like” sa Ghearmáinis nuair a dhéantar plé cén rangabháil chaite ab fhearr bheith aige “geliked” nó “geliken”.

Baineann leagan Gearmáinise Facebook úsáid as “Gefällt mir” in áit “liken” ach tá teacht chun cinn an Bhéarla i gcomhthéacs Facebook le sonrú ar fud an bhaill, agus baint aige leis an mbriathar ‘liken’ chomh maith.

Is cuimhin linn ar fad, déarfainn, na laethanta a bhíodh “Is maith leat é seo” ann ach d’imigh sin agus tháinig ‘Laidhc’ nó ‘like’ ina áit sa chaint agus anois is annamh an “Is maith leat é seo” a fheiceáil a thuilleadh fiú.

Baineann sin le drogall Facebook cabhrú le teanga nach Béarla í.

Dá fheabhas Facebook ó thaobh pobal a tharraingt le chéile, milleann sé teangacha chomh maith, trí ghníomh agus trí fhaillí.

Chuireas ceist ar roinnt Gaeilgeoirí, conas mar a samhlaíodh na piceanna seo, na “Freagraí” dóibh, cén chiall a bhaineadar astu.

Agus facebook mar mheán chomh huileláithreach sin is aisteach liom nach bhfuil éinne ag breathnú ar an mbealach a bhfuiltear ag baint úsáid as an nGaeilge air.

Gort úr teangeolaíochta is ea é. Gaeilge Amháin an sampla is soiléire.

Emogis

Ba léir agus mé ag caint le Gaeil go raibh a sain-shainmhiniú ag go leor ar phiceanna faoi leith, féinchanúint de chineál, más maith leat.

Duine 1: Ordóga in airde, maith thú, Grá, Greannmhar, Fearg, Ó mo dhia, Brón an domhain orm.

Duine 2 (deas simplí!): Like, Fearg, Grá, Ó mo dhia, Gáire, Brón.

Duine 3 (a bhí breá casta!): Réitíonn sé liom, Is maith liom é, Grá, bród, Sceitimíní, an-áthas, Fearg, Iontas, Eagla, Brón, Aiféala.

Féach go bhfuil éagsúlacht mhór idir roinnt de na piceanna, roinnt acu débhríoch fiú amháin!

Dúirt an tríú duine liom “Ní chiallaíonn “like” i gcónaí gur maith leat rud, abair i gcás go bhfuil duine éigin tar éis bás a fháil, bhíodh de nós ag daoine ‘like’ a thabhairt dó.

Roimhe seo is dócha nár thaitin sé leo go bhfuair duine bás ach b’shin an t-aon rogha a bhí ann…’

Is fearr na hainmfhocail agus an tsimplíocht i gcás na Gaeilge, is dócha.

Dar le Herring gurb ionann na “Freagraí” seo agus na rudaí a dhéanann an duine agus iad ag léamh an ailt nó ag breathnú an fhíseáin dóibh.

Tá difear idir na Freagraí nó na Reactions seo agus gnáthemoji, níl sa ghnáthemoji ach rud grafach, agus tá focal a théann le gach Freagra.

Is cóir a aithint go bhfuil emojithe iad féin ag teacht chun cinn in áit focal chomh maith.

Bí cinnte go bhfuil roinnt de na hemojithe in úsáid i bhfad níos rialta ná focail aduaine i ngach teanga ar domhan.

Pé scéal é is cóir a aithint go mbeidh tionchar mór ag na suíomhanna sóisialta seo ar theangacha. Conas mar a mhothaím féin faoi? Fágfaidh mé fúibhse é a oibriú amach!

SCÉALTA EILE