Ní sci-fi é seo.


Is comhlacht é SpaceX a bunaíodh in 2002 chun athrú ó bhun a chur ar theicneolaíocht spáis agus é ina bhunchuspóir acu an cine daonna a chumasú le “cónaí a dhéanamh ar phláinéid eile”.

I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ag a gcuid roicéad le tamall anuas, ní aidhm áibhéalach í in aon chor.

Ag an deireadh seachtaine, don 11ú uair riamh, sheol SpaceX roicéad, an Falcon 9, agus ansin thug siad ar ais chun talún é, gan stró.

Tá físeán ardghléine den éacht seo le feiceáil thuas.

Is forbairt an-suntasach go deo é mar de ghnáth is turas aon bhealaigh a bhíonn ag gach roicéad a théann go spás – seoltar iad, scaoileann siad satailít nó a leithéid saor agus ansin caitear ar shiúl iad.

Tá an Falcon 9 in ann tuirlingt ar ais go talamh áfach agus ansin táthar in ann é a úsáid arís, rud a chruthaíonn an iliomad féidearthachtaí ó thaobh spástaistil de.

Is taobh na trá ag Cape Canaveral, Florida SAM, a tháinig an róicéad is déanaí ar ais chun talún agus is fiú go mór breathnú ar an tuirlingt – is iontach an radharc é.

SCÉALTA EILE