De réir figiúirí atá faighte ag NÓS, ar an mheán ní úsáideann ach 5.5% de phobal na Gaeilge brabhsálaí idirlín Gaeilge.
Is é Firefox agus Internet Explorer an dá bhrabhsálaí atá ar fáil i nGaeilge ach in ainneoin go bhfuil an rogha sin ann (i gcás Firefox) le breis agus deich mbliana anois, ní bhacann formhór mór na nGael lena úsáid.
Cuireann Google Analytics eolas ar fáil do riarthóirí suíomhanna idirlín maidir leis na brabhsálaithe a bhíonn in úsáid ag cuairteoirí chuig an suíomh, mar aon leis an teanga ina bhfuil an brabhsálaí ag feidhmiú.
Ar na suíomhanna nos.ie, tuairisc.ie agus roinnt láithreán eile i saol na Gaeilge, is é 5.5% an meán-líon de chuairteoirí a bhfuil brabhsálaí Gaeilge mar rogha acu.
Is é Firefox as Gaeilge an rogha is coitianta i measc na ndaoine seo, le mionlach ag úsáid Internet Explorer.
Is i mBéarla atá tromlach na mbrabhsálaithe, le dornán i dteangacha eile ar nós na Fraincise, na Spáinnise agus na Gearmáinise.
Google Chrome an brabhsálaí is mó i measc na nGael ar líne, é píosa maith chun tosaigh ar a iomaitheoirí.
Luaitear in amanna go mbíonn drogall ar dhaoine brabhsálaí nó bogearraí a úsáid i nGaeilge mar nach bhfuil cur amach acu ar an fhoclaíocht a úsáidtear ann agus gur fusa dá bharr cloí leis an bhrabhsálaí Béarla.
Dar linn in oifigí NÓS áfach gur brabhsálaí soláimhsithe é Firefox ach go háirithe agus gur fiú go mór bheith ag scimeáil ar an idirlíon inár dteanga féin.
Tá Firefox ar fáil ar Windows agus Mac araon, agus is féidir é a íoslódáil anseo.
Tá Internet Explorer ar fáil ar Windows amháin agus tá eolas faoi anseo.