Ollbhus V Ollphlodú

Seoladh fréamhshamhail d’ollbhus leictreach an tseachtain seo agus é mar aidhm leis an t-ollphlódú a laghdú i gcathracha na Síne.

Mar a bheadh spásárthach ann a sciobadh díreach ó sheit Star Wars i Sceilig Mhichíl, tá carráiste an ollbhus ardaithe sa spéir le dhá chos ar an dá thaobh de.

Níos luaithe i mbliana, taispeánadh dearadh an ollbhus, ar a dtugtar an TEB-1, don phobal.

China unveils elevated bus that drives over the TOP of other cars

An tseachtain seo, tá sé le feiceáil san fhíorshaol ag gluaiseacht i gcathair Qinhuangdao den chéad uair.

Agus é 4.8 méadar ón talamh, tá spás go leor ann faoi bhun an charráiste do charranna.

Is é ceann de na buntáistí a bhaineann leis an ollbhus ná go bhfuil sé ag brath ar infreastruchtúr na mbóithre atá ann cheana féin.

transit lar

Beidh an córas nua taistil seo á reáchtáil sa chathair ar bhonn píolótach ar feadh roinnt míonna.

Má tá rath air, tá súil ag rialtas na Síne é a chur i bhfeidhm i gcathracha eile sa tír.

Meastar go mbeidh an TEB-1 in ann suas le 300 paisinéir a thógáil in aon charráiste amháin agus go mbeidh suas le 1,200 paisinéir in ann taisteal ar an ollbhus nuair a chuirfear tuilleadh carráistí leis.

Bheadh 40 gnáthbhus de dhíth leis an líon céanna paisinéirí a iompar.

Tá sé ráite ag an chomhlacht a rinne an dearadh nua seo, Tebtech, go bhfuil spéis léirithe cheana féin ag tíortha eile ar fud na cruinne sa chóras taistil ar leith seo.

SCÉALTA EILE