Tá leagan daite de ghrianghraf den seanchaí aitheanta Peig Sayers á scaipeadh ar na meáin shóisialta.
Scaip léachtóir de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, John Breslin, leagan den phictiúr atá ar fáil i Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus é daite ag an aip Colorize.
Is aip é Colorize a dhathaíonn seanghrianghraif go huathoibríoch, bunaithe ar an bhfoghlaim mheaisín. Is féidir grianghraf a chur isteach ó ghailearaí fóin, mar shampla, nó ó aip eile ar nós Facebook nó Google Photos, agus pictiúr atá dubh agus bán, liathscála, nó séipia, a dhathú.
Tá ceithre phictiúr roinnte ag John Breslin ar a chuntas Twitter, an pictiúr cáiliúil de Sayers ina suí cois tine ina measc.
Peig Sayers – in colour!
1946
Dún Chaoin, Co. Chiarraí (Éire) / Coimisiún Béaloideasa Éireann
Dunquin, Co. Kerry (Ireland) / Irish Folklore CommissionOriginal images from @UCDLibrary @duchas_ie https://t.co/iYOvEjNnTE
Colourised with #DeOldify @ColorizeImages #DeepLearning pic.twitter.com/3MJzodWuEy
— John Breslin (@johnbreslin) June 20, 2019