Pictiúr nó tv? Ní bheidh fios an difir agat…


Seo an teilifíseán is gleoite nach bhfaca tú riamh.

Tá forbairt ag teacht i rith an ama ar na scáileáin a úsáidimid inár saol, iad ag éirí níos mó, níos tanaí agus níos ardtaifí.

Is iomaí teilifíseán den scoth atá ar an margadh san am i láthair ach is cinnte go bhfuil an ceann seo ó Samsung an-ghar do bharr an liosta.

‘The Frame’ atá baiste acu air, agus ní gá smaoineamh chomh domhain sin chun a oibriú amach cén fáth.

Scáileán 55 nó 65 orlach atá ag an bhfráma seo ach níl sé ach 4cm ar doimhneacht, rud a chiallaíonn gur féidir leis crochadh ar bhalla mar a bheadh pictiúr ann.

Agus é crochta ansin agat, is féidir leat cuma an scáileáin a athrú ó theilifíseán go do rogha íomhá nuair nach bhfuil sé in úsáid agat, é curtha i bhfolach láithreach i measc do chuid pictiúr agus grianghrafanna eile.

Fágann an bhailchríoch atá air – fráma adhmaid san áireamh – nach n-aithneofá gur scáileán é agus gur féidir le daoine cruinniú le chéile sa seomra gan gléas mór teicneolaíochta cur isteach ar an gcomhrá.

Ceart go leor, tá praghaslipéad de bhreis agus €1,300 ar an teilifíseán ealaíne seo ach measann Samsung go bhfuil go leor spáis sa mhargadh, agus ar bhallaí do sheomrasa, dá bhfráma idirghníomhach.

Anois suigh siar agus gluais ó ghailearaí go dtí na Goonies in aon chlic amháin…

SCÉALTA EILE