Is domhan síorathraitheach é an domhan digiteach atá tar éis claochlú iomlán a chur ar shaol na hÉireann, go háirithe le 10 mbliana anuas.
Beidh a fhios ag léitheoirí NÓS go bhfuil pobal na Gaeilge gníomhach sna forbairtí teicneolaíochta agus cumarsáide seo atá ag tarlú gan stad anois, ach cad atá amach romhainn sa ríomhshaol seo ina bhfuil muid beo?
Conas is féidir leis na Gaeil, agus le pobail mhionteangacha eile, an buntáiste is fearr a bhaint as an dul chun cinn digiteach atá á dhéanamh agus fuinneamh nua a chur isteach inár bpobal teanga sa bhaile agus go hidirnáisiúnta?
Beidh na ceisteanna sin agus tuilleadh faoi chaibidil ag comhdháil nua a reáchtálfar in Óstán Chósta Chonamara, na Forbacha, Co. na Gaillimhe, Déardaoin seo (amárach).
Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach is teideal don ócáid ag a labhróidh aoichainteoirí ó na móreagrais Ghaeilge agus ón earnáil oideachais, teilifíse, raidió, foilsitheoireachta agus idirlín.
I measc na rannpháirtithe tá an tOllamh Kevin Scannell as Ollscoil Saint Louis SAM, Seán Cathal Ó Coileáin ó TG4, Rónán Mac Con Iomaire ó RTÉ agus Eilís Ní Dhúill as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Beidh cur i láthair chomh maith ag an Dr. Aodhán Mac Cormaic faoi phlean nua digiteach an Stáit ó thaobh na Gaeilge de, a bheas á fhoilsiú go luath ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Is é inniu an lá deireanach chun clárú don chomhdháil, a thosaíonn ag 9rn maidin amárach, agus is féidir sin a dhéanamh, agus sceideal an lae a fheiceáil, anseo.
Bí páirteach agus faigh réamh-léargas ar na ríomh-dheiseanna a bheas ar fáil amach anseo do phobal na Gaeilge!
Tá ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’ á reáchtáil ag Gréasán na Meán Skillnet i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus ROSG, agus is féidir imeachtaí na comhdhála a leanúint ar Twitter faoin haischlib #PNAG