Is dócha go bhfuil míle scéal cloiste agaibh faoi Pokémon GO faoin tráth seo.
An 300,000 duine a fuair bás de dheasca gur leag carranna iad.
An duine a chaill an oiread sin meáchain nár aithin a thuistí é nuair a tháinig sé abhaile.
An bhean a d’athraigh ina Pokémon í féin, agus scéalta bréagacha eile a chum mé díreach ansin.
Is dócha, áfach, nár cheap sibh go bhfeicfeadh sibh riamh ceannteideal mar ‘Pokémon GO agus na hÓglaigh’.
Ach d’imigh an diabhal ar an saol agus tháinig seo.
Dóibh siúd atá dall ar Pokémon GO, is cluiche é le haghaidh na nguthán cliste a bhaineann úsáid as do shuíomh GPS.
Bíonn Pokémon beaga, na créatúir bheaga seo, folaithe in áiteanna éagsúla ar fud an domhain, agus is féidir leat breith orthu (150 acu nó mar sin san iomlán) ach siúl, rith, léim nó ráib a thabhairt ar na háiteanna sin san fhíorshaol.
Agus greim faighte agat orthu is féidir iad a thraenáil, éabhlóid a dhéanamh orthu agus iad a chur ag troid in éadan Pokémon daoine eile in Poké-spórtlanna atá lonnaithe timpeall na háite.
Tá i bhfad Éireann níos mó le déanamh i lár na cathrach, mar sin mo thrua iad sin atá amuigh faoin tír. (Tugtar faoi deara gurb as an tír seo ó dhúchas don Pokémon, amhail Beyoncé. Cén chúis eile a bheadh leis na sínte fada sin? Buíochas le @RyanCullen90 as sin a aithint!)
Is cuimhin le go leor againn a d’fhás aníos sna 90í na créatúir nó na mionphéisteanna seo.
Bhí míle cluiche éagsúil ar an Gameboy.
Bhí clár teilifíse ann a bhí ar siúl gach lá ar feadh m’óige agus bhí na cártaí ann.
Bhí an rud ar fad chomh mór le Pogs ar feadh tamaill. (Gabh mo leithscéal, ní raibh rud ar bith díreach chomh mór le Pogs.)
An rud is spéisiúla ar fad ná an chaoi inar scaip an cluiche seo ar fud an domhain mhóir gan stad, ag mealladh óg is aosta, lucht imeartha cluichí agus iad siúd gur cuma sa tsioc leo faoi ‘rudaí beaga páistiúla mar sin’ (rud a dúirt cara liom atá anois gafa amach is amach leis!)
Níor thúisce amuigh é ná go raibh níos mó úsáideoirí laethúla ag Pokémon GO ná ag Twitter.
Ní fhéadfá súil ná cluas ná ordóg a chaitheamh ar aon mheán gan scéal nó dhó nó trí a léamh faoi a chíor an baol a bhí leis, na deiseanna gnó a bhí ann agus conas a d’athródh sé do shláinte.
Mar chluiche, is dócha go bhfuil gné na gimice go tréan ann.
Ach ós rud é go bhfuil gach mac máthar agus iníon athar againn á imirt, tá cad é bús faoi.
I mo thuairimse, tá an cluiche féin beagán leamh agus is beag scil a bhíonn de dhíth lena imirt.
Diongbháilteacht agus am is mó a theastaíonn.
Is trua nach éasca a fháil amach cad é mar atá ag éirí le cairde leat nó cá bhfuil tú féin ar chlár na scór sa tír, abair.
Shamhlófá nach mbeidh an cluiche faoi bhláth rómhór i gceann 6 mhí, ach is dócha go lasfaidh sé splanc faoi thine na gcluichí suíomhbhunaithe agus na réaltachta fíorúla.
Is deacair a shamhlú nach dtiocfaidh cluichí éachtacha as sin.
Agus cad faoi Óglaigh na hÉireann a deir tú?
Bhuel, tá rírá agus ruaille buaille faoi roinnt de na suíomhanna, mar Auschwitz, a roghnaíodh mar Pokéstadanna.
Is ionann Pokéstadanna agus na háiteanna ina gcruinnítear na Pokémon.
D’fhéadfá an cheist chéanna a ardú i gcás na hÉireann.
Pokéstad is ea an leac chuimhneacháin a cuireadh in airde mar chomóradh ar Michael Malone, mar shampla, óglach a bhí páirteach sa chath ba fhuiltí in Éirí Amach na Cásca.
Ní fheadair cén tuairim a bheadh aige de na sluaite daoine óga ag svaidhpeáil in aice na háite inar bhásaigh sé?
Tá difear céad bliain idir ré an óglaigh Michael Malone, a bhí gafa le cúrsaí réabhlóide, agus an ré againne, óglaigh an lae inniu atá gafa le créatúir shamhaltacha dhigiteacha ar ríomhairí beaga.
Ríomhairí iad seo a iompraíonn muid timpeall linn gach áit a dtéann muid agus a chuireann eolas ar fáil do chomhlachtaí móra faoi gach rud a chuardaíonn muid, a deir muid, a scríobhann muid agus a fheiceann muid.
Gotta catch ’em all ambaist.