Ré an hoverboard linn?

I measc na ngiuirléidí ar fad a bhí le feiceáil i scannáin ficsin eolaíochta riamh, ní raibh mórán eile chomh tarraingteach le sciorrchlár Marty McFly i Back to the Future II.

Cinnte, bhí an DeLorean go deas agus an toilleoir flosca (flux capacitor) leis ach sna 80idí cheap go leor daoine ag an am go mbeadh a leithéid de hoverboard, nó sciorrchlár, ann agus ar díol do chách faoin am go mbainfeadh muid an 21ú aois amach.

Tá sé sin cineáilín fíor anois.

Tá físeán snasta agus, i bhfírinne, dochreidte eisithe ag déantóirí gluaisteáin Lexus an tseachtain seo a léiríonn an ghiuirléid don chéad uair.

Go bunúsach, oibríonn an sciorrchlár trí mhaighnéid atá fuaraithe go -183 °C le nítrigin leachtach.

Cruthaíonn sé seo réimse inar féidir leis an bhord fanacht crochta timpeall dhá orlach san aer.

Faraor, ní mar a shíltear a bhítear áfach agus tá cúpla rud nach luann Lexus san fhíseán a chuirfidh isteach ar do bhrionglóid a bheith ag ainliú síos an tsráid mar a bheadh Michael J. Fox óg ionat.

Chun na maighnéid a choinneáil fuar, is gá an bord a líonadh le nítrigin leachtach gach deich mbomaite.

É sin, agus ní luaitear san fhíseán gur clós speisialta atá san fhíseán, agus é clúdaithe leis na mílte maighnéid curtha isteach sa talamh!

Oró, an díomá…

Tá níos mó airgid caite ag Lexus ar an teicneolaíocht seo ná mar a chaitheann sé ar chuid dá ngluaisteáin féin fiú mar sin táthar ag súil go dtiocfaidh na saineolaithe ar bhealach lena thabhairt isteach sa domhan mór.

Idir an dá linn, bí ag tochailt isteach sa chófra don VHS sin de Back to the Future!

SCÉALTA EILE