D’amharc Cory Doctorow, an t-údar cáiliúil a scríobhann scéalta ficsin eolaíochta agus a dhéanann léirmheastóireacht ar an teicneolaíocht chomhaimseartha, amach ón ardán ar an lucht féachana ag comhdháil teicneolaíochta le déanaí.
“Ar na mallaibh rinneadh staidéar ar an treocht go bhfuil níos mó altraí ag déanamh sealanna oibre le ceann de na trí aip is mó a thugann “Uber ar son na n-altraí” orthu féin. Ceannaíonn na comhlachtaí sonraí airgeadais ó bhróicéir sonraí sula gcuireann siad tairiscint amach dóibh. Má bhíonn siad i bhfiacha cárta creidmheasa, go háirithe más fiacha neamhíoctha é, ísleoidh siad an méid pá dóibh. An cúis: dá mbeifeá báite i bhfiacha, ba dhócha go nglacfá le hairgead laghdaithe,” a dúirt sé.
Ní seo an chéad uair a chualathas nuacht mar seo ach daingníonn sé gníomhartha mailíseacha de chuid na gcomhlachtaí a úsáideann sonraí agus algartaim chun an méid is mó airgid agus is féidir a fháscadh as na hoibrithe agus na tomhaltóirí. Ní eisceachtaí iad na comhlachtaí seo ach an oiread, ach gné den chóras eacnamaíoch ar thug Yanis Varoufakis ‘teicnifheodachas’ air ina leabhar Technofeudalism: What Killed Capitalism.
Ach caidé ‘feodachas’ in aon chor? Nárbh é sin na Ríthe agus na Banríonacha na céadta blianta ó shin? Níl aon bhaint aige sin lenár gcóras margála comhaimseartha. Chun an freagra fada leadránach ar eacnamaíocht pholaitiúil a sheachaint: faoi riail an fheodachais, bhí talamh ina phríomhthoisc táirgthe. Seilbh a ghlacadh air agus cíos a ghearradh ar na daoine a bhíodh ag brath air ach nár ceadaíodh dóibh é a bheith acu ba bhonn le cumhacht na haicme ceannais. Lean sé seo ar aghaidh go dtí go raibh na caipitlithe in ann brabús a dhéanamh ina phríomhthoisc táirgthe in áit talaimh. Cuireadh an margadh in áit fíofa agus an brabús in áit cíosa. Bhain caipitlithe leas as brabús chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ná na tiarnaí feodacha. Roimh i bhfad, scuabadh na monarcachtaí ar shiúl nó coinníodh ina bpost iad ach ar teaghrán ag an gcumhacht chaipitil.
Tá athrú mór tagtha ar an chaipitleachas ó ré Adam Smith. Bhíodh sé in ann éabhlóid a dhéanamh, casadh géar a ghlacadh agus é féin a athchruthú chun dul i ngleic le haon ionsaí nó aon ghéarchéim inmheánach. Ó ghabháltas impiriúil go dtí Bretton Woods go dtí an cúlú eacnamaíochta in 2008. Leagann Varoufakis a mhéar ar an am sin mar bhreith shaobh an teicnifheodachais. Tar éis an chúlaithe eacnamaíochta, theip ar chúpla banc mór. Rinne rialtais ar fud an domhain an cinneadh dul i gcabhair ar na bainc agus a gcleachtais mhí-ionraice ach, ag an am céanna, chuir siad polasaithe déine crua i ngníomh do na boicht. Ghlac na bainc leis an airgead agus chaith siad ar na caipitlithe é chun athinfheistíocht a dhéanamh go dtarraingeofar, le cúnamh Dé, an domhan amach as an bhfána ghéar anuas.
D’amharc na caipitlithe ar an airgead saor agus chaith siad é ar son a leasa. In ionad an t-airgead a athinfheistiú, cheannaigh siad talamh, píosaí ealaíne, agus bhorr siad a rachmas le scaireanna. Choinnigh ar na bainc airgead a phriontáil, mar sin bhí rátaí úis íslithe agus ba bheag an seans go gcuirfidís an t-airgead isteach ann arís. Phléasc brabús na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta amhail Amazon agus Tesla ag an am seo. D’éirigh le gnólachtaí cothromas príobháideach, trí neart airgid a fháil ar iasacht ón airgead saor, smacht a ghabháil le linn na ré seo agus gach rud fúthu a cheannach. Níl aon ionadh orainn gur le trí ghnólacht chothromas príobháideach tromlach na scaireanna in 90% de na comhlachtaí is mó atá ar an stocmhalartán. Ag an am céanna in Éirinn, feicimid cistí fálaithe ag ceannach tithe, ní mar thithe cónaithe, ach chun rachmas a ghiniúint.
Cén chaoi gur ‘teicnifheodachas’ é seo áfach? Nach caipitleachas ‘rentier’ amháin é? Is í an dúspéis i gcíos thar bhrabús a chruthaigh an tsochaí theicnifheodach ina bhfuil muid. Ar dtús, is aisteach an rud é a rá ach tar éis duit an coincheap a thuigbheáil, aithneoidh tú i ngach áit é.
“Is breá leis na tiarnaí talún, ar nós gach uile fhear eile, baint san áit nár chuir siad riamh, agus cíos a éileamh fiú ar a torthaí nádúrtha.” — Adam Smith
Gach lá, bailíonn gnólachtaí cothromas príobháideach níos mó saibhris agus réadmhaoin agus úsáideann siad an rachmas seo chun tuilleadh maoine a ghabháil. Níor leor an réimse fisiciúil dóibh siúd. Bhí orthu níos mó earnálacha a chreachadh chun a gcíocras neamh-inbhuanaithe a shásamh. Bualadh buille millteanach ar an réimse digiteach nuair a chuir Steve Jobs an t-aipmhargadh ar an bhfód. Níor ghá d’Apple a thuilleadh táirgeadh aon tráchtearra a shocrú. Bhí na mílte seirfeach anois ag cruinniú chun aipeanna a chruthú dóibh. Bhí an talamh digiteach acu agus ghearr siad bunchíos 30% ar aon bhrabús ón aipmhargadh. Is amhlaidh atá sé maidir le gach ardán digiteach sa lá atá inniu ann ó YouTube go dtí TikTok. Ní chaithfidh na comhlachtaí seo aon rud a tháirgeadh iad féin ach éiríonn siad saibhir fós. B’fhéidir go bhfacthas duit gurb é Amazon an eiseamláir mhargaidh is fearr dá bhfuil ann. Ach is ionann Amazon agus an baile in It’s a Wonderful Life (1946) ar le Mr. Potter an baile ar fad ann agus faigheann sé sciar de gach idirbheart. Ní leor é go fóill. Úsáideann siad do shonraí pearsanta agus algartaim oilte chun custaiméirí agus díoltóirí a chur le chéile, ag seachaint an tsaormhargaidh ar fad.
Mura bhfuil tú ag íoc as síntiúis le Amazon, tá Netflix, Spotify nó Disney+ ann leis an mbearna sin a líonadh. Ardáin sruthaithe a ghoideann uait do cheart seilbh a bheith agat ar aon mheán a cheannaíonn tú. Íocann tú cíos gach mí as an bpribhléid féachtain ar scannáin agus ar chláir teilifíse ach chomh luath agus a chuireann tú stad leis, baintear an phribhléid sin. Tá gach comhlacht ag iarraidh aistriú go dtí múnla síntiúis chun tú a choinneáil ag brath ar an ‘talamh’ sin go buan. Is cinnte gur thug tú faoi deara go bhfuil tú ag íoc as táirge agus go bhfuil an tseirbhís ag dul in olcas ó mhí go mí. Ní gá do na comhlachtaí seo nuálaíocht a dhéanamh nó praghasanna níos saoire a thairiscint. Tá custaiméirí ag brath ar na seirbhísí atá i seilbh na gcomhlachtaí móra amháin. Fiú nuair a bhogann daoine ó Facebook go TikTok mar shampla, ní tráchtearra níos fearr a mheallann isteach thú ach algartaim níos forbartha a úsáideann do shonraí féin i do choinne.
Ar an drochuair, níl anseo ach píosa beag den scéal. Aon rud is féidir leo a bhaint amach sa réimse digiteach, déanfaidh siad amhlaidh san fhíorshaol tar éis sin. Tá sé ina chuspóir ag gach billiúnaí talamh a cheannach agus a fhíofa féin a dhéanamh as. Áiteanna ina bhfuil siad ina dtiarna feodach agus gur féidir leo na rialacha a chruthú iad féin.
Tá Próspera ar cheann de na trí ZEDE (Zón le haghaidh Fostaíochta agus Forbairt Eacnamaíoch) i Hondúras. Is léargas é ar thodhchaí dhiostóipeach, áit ina bhfuil na comhlachtaí in ann a rialach féin a chur i mbun agus níl tú i do cháiníocóir ach i do chustaiméir amháin. In Próspera, dá mbeadh níos mó talaimh faoi do smacht, bheadh níos mó vótaí agat le chaitheamh ar son na suíochán comhairle. Tá billiúnaithe amhail Peter Thiel, Marc Andreessen, Sam Altman agus Elon Musk ag iarraidh airgead a chur ar fáil do thionscadail a thógann na cathracha príobháideacha seo. I gContae Solano sna Stáit Aontaithe, tá baile beag ag troid in aghaidh iarrachtaí infheisteoirí, Andreessen san áireamh, tionscadal ‘California Forever’ a chur ar bun ann. Bheadh cónaitheoirí ina gcustaiméirí agus ní íocfadh na comhlachtaí tada as na seirbhísí poiblí a d’úsáidfidís. Is í an chéad chéim éabhlóideach eile don teicnifheodachas ná na caibidlí is dorcha i stair an chine dhaonna a athbheochan.
Cad atá le déanamh mar sin? Mar bhuíon amháin, tá muid in aghaidh céile comhraic uilechumhachtach ollmhór ar mhaith leo mí-úsáid a bhaint asainn chun a gcuid stíleanna maireachtála a mhaoiniú. Ach, mar a dúirt Ursula K. Le Guin: “Mairimid faoi chaipitleachas. Is cosúil go bhfuil a chumhacht dosheachanta. Is amhlaidh a bhí sé le ceart diaga na ríthe.”
Bhuailfeadh cur chuige aontaithe dírithe ar tháirgeacht áitiúil agus ar fhorbairt maoine phobail foinse cumhachta ‘Goliath’. Is í an chéim is fearr do shíntiúis a chur ar ceal, infheistíocht a dhéanamh go háitiúil, agus seilbh a bheith againn ar thalamh áitiúil le chéile. Blianta ó shin an t-am is fearr le bheith páirteach i do phobal ach is fearr déanach ná riamh!