Ré na bhFéinphiceanna

Caithfidh go bhfuil uasteorainn bhaois agus mhórtas an chine dhaonna sroicthe againn leis an mhaide féinphic uathoibríoch nua seo.

Tá idir áiféis agus iontas ag baint leis an mhaide, ina bhfuil ceallraí agus inneall chun an maide a ardú agus a ísliú.

Ar an choinneálaí fóin, tá fáil ar rogha soilse agus gaothrán le go mbeidh cuma na háilleachta ar do chraiceann agus do chuid gruaige ag bogadh mar a bheadh leoithne samhraidh ag séideadh tríthi.

Chaith an comhlacht margaíochta Thinkmodo trí mhí ag obair ar an Mhaide Féinphic Uathoibríoch mar tháirge margaíochta le haghaidh sraithdhráma theilifíse darb ainm Unreal, atá suite sa lá atá inniu ann.

Fuarthas treoir ó lucht na teilifíse táirge a chruthú a léirigh an ionramháil a dhéantar ar fhéin-íomhá.

Ar an dea-uair, ní dhearnadh ach dhá fhréamhshamhail den mhaide féinphic áirithe seo, agus níl sé i gceist é a chur ar an mhargadh ag an phointe seo, dar le duine de bhunaitheoirí Thinkmodo, Michael Krivicka.

Tá sé ráite aige, áfach, go rachadh sé ciall díreach go Kim Kardashian, banríon na bhféinphiceanna, dá mbeadh a leithéid á chur ar an mhargadh acu.

Smaoineamh maith, déarfainn, agus a leabhar ‘Selfie’ curtha amach aici cheana.

Is beag duine a shílfeadh go mbeadh mórán ratha ar a leithéid – ach nach orainn a bhí an dul amú.

SCÉALTA EILE