Ré na Róbat

Thug Eoin P. Ó Murchú cuairt ar an taispeántas ‘Humans Need Not Apply’ atá ar siúl i nDánlann na hEolaíochta i gColáiste an Tríonóide i láthair na huaire.


An maith an rud é luí le róbait?

An nglacfá treoracha ó róbatbhainisteoir amach anseo?

Seo cuid de na ceisteanna a chuireann Humans Need Not Apply orainn.

Agus cinn eile nach iad a dtugtar freagraí orthu.

An féidir leis an intleacht shaorga ealaín a chruthú? Is féidir.

An mbainfidh róbat gáire asat is é do do chigilt? Ní léir fós.

Ardaítear ceisteanna níos dorcha chomh maith; an cuí go mbeadh ár ríomhchairde beaga ag cabhrú linn is muid i mbun phróiseas an bhróin?

Tá todhchaí na meaisínfhoghlama agus na hintleachta saorga ag bagairt orainn uile ach ní cosúil go bhfuil mórán againn ag smaoineamh go domhain faoi.

Is tráthúil mar sin comhrá faoi ról na teicneolaíochta a spreagadh.

Creidim féin go mbeidh ról an-mhór acu seo inár saol faoi cheann 50 bliain, mura bhfuil cheana.

Mar is dual do Dhánlann na hEolaíochta, is leathbhealach idir ealaín agus eolaíocht a luíonn an taispeántas seo.

Roinnt róbat, leanann siad na gluaiseachtaí a dhéanann tú féin.

Tarraingíonn an memememe ar dhá ghuthán chliste le pictiúir dá chéile, agus díot féin fiú, a ghlacadh agus a chur ar na meáin shóisialta.

Taispeántar físeán ann ar cineál de Thástáil Turing droim ar ais é.

Is tástáil aitheanta é Turing i réimse na teicneolaíochta ina ndéantar intleacht ríomhairí a mheas.

Labhraíonn bot le daoine.

Feictear na rudaí greannmhara a deir an bot; na huaireanta a chuireann sí fearg ar dhaoine, na huaireanta atá gach dealramh ar an scéal gur duine daonna í.

Is scanrúil an radharc é mar tá rud éigin daonna sna halgartaim.

Tá “Inneall Aireachais” ann freisin agus é ina ealaíontóir.

Fríd an ealaín, léirítear pearsantacht an róbait chéanna.

Ní maith leis mórán daoine a bheith thart agus, má tá, tiocfaidh dathanna dorcha uaidh.

Patrúin dhaite a tharraingíonn sé agus tá luas lasrach faoi, rud a chuir ag smaoineamh mé ar oibrithe monarchana.

Conas is féidir an ceann is fearr a fháil ar rud atá níos láidre agus níos tapúla ná tú?

Ag dul i gclisteacht atá siad chomh maith, dar ndóigh.

Tá gnéithe eile den ealaín ann leis.

Ceamara a scríobhann dánta atá bunaithe ar phictiúir.

Meaisínfhoghlaim mar bhunús taobh thiar de.

I bhfírinne bhí an dán a chum sé beagán seafóideach ach nach féidir sin a chasadh faoi go leor filí daonna?

Róbat eile baineann sí úsáid as scuab bhog le daoine sa lucht féachana a chigilt le feiscint an féidir gáire a bhaint astu.

Gáire níor tháinig as an bhfear a thug faoi romham áfach.

Cuid den saol a bhfuil lámh chigilteach in uachtar ag an duine fós táim ag súil.

Chuir sé iontas orm a fháil amach go ndéantar cuid de phróiseas déanta an ríomhaire glúine de láimh sa lá atá inniu ann.

Cuirtear giotaí beaga de théip inslithe isteach. Nach spéisiúil sin anois.

Nuair a bheidh na ríomhairí féin in ann sin a dhéanamh an mbeidh deireadh linn?

Mar a tharlaíonn leis an dánlann seo bhí cuid de na taispeántais tar éis cliseadh.

Fadhbanna teicniúla, tá a fhios agat, agus gealladh dúinn go mbeidís ar siúl arís an chéad lá eile.

Píosa ar leith ná an bailiúchán bréagstaire a bhaineann leis an ré ina n-éireoidh na róbait amach, mar dhea.

Tá póstaeir shamhalta pholaitiúla ann ón ré ina dtosaíonn róbait ag rith don Dáil.

Póstaeir a spreagann daoine le cur i gcoinne na róbat agus mar sin de.

Tá éagsúlacht mhór ann atá inchreidte go leor.

Leagann sé amach léarscáil don todhchaí fiú.

Ba dhána d’éinne neamhaird a thabhairt ar chumhacht na teicneolaíochta.

Is fiú go mór na ceisteanna seo a chíoradh, roinnt craice a bheith agat agus cá bhfios… seans go mbeidh tú in ann deireadh a chur le héirí amach na róbat!


Beidh Humans Need Not Apply ar siúl go dtí 14ú Bealtaine i nDánlann na hEolaíochta i gColáiste na Tríonóide, Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2. (Dúnta gach Luan.) Saorchead isteach.
dublin.sciencegallery.com

SCÉALTA EILE