Réaltacht fhíorúil linn go luath?

Don mhórchuid, tagann réaltacht fhíorúil chun intinne agus muid ag smaoineamh ar scannáin ficsean eolaíochta ó na nóchaidí.

Cé go bhfuil forbairt á dhéanamh ag déantóirí ar nós an Oculus Rift, níl mórán fianaise a léiríonn go mbeidh a leithéid de ghléas ar fáil le ceannach go tráchtáil go luath.

Tá físeán an-shuimiúil eisithe ag déantóirí Virtuix Omni le déanaí, áfach, a thaispeánann cén sórt eispéiris a bheidh in ann dúinn sa todhchaí.

Amach anseo, thiocfadh le húsáideoirí leas a bhaint as gléas atá cosúil le gnáth-mhuileann coise chun siúil agus rith taobh istigh de chluiche ríomhaire ar nós Grand Theft Auto.

San fhíseán thuas, feiceann muid úsáideoir a bhfuil gléas cinn air agus ‘gunna’ ina lámha, mar a dhéanann sé siopa a robáil taobh istigh den chluiche GTA V.

Cé nach mbeidh suim ag gach aon duine ina leithéid de chluiche, osclaíonn an teicneolaíocht seo an iliomad féidearthachtaí le cluichí spóirt, eachtraíochta agus eile.

Níl an gléas céanna ag dul a bheith saor ach an oiread, áfach – ceaptar go mbeidh ar a laghad €1,000 ar an Virtuix Omni nuair a eisítear é don phobal.

SCÉALTA EILE