Slán le Rosetta!
Mar a tuairiscíodh ar fud an domhain inné tá rás an taiscéalaí spáis Rosetta rite, tar éis breis agus 12 bliain a chaitheamh ag bailiú eolais sa ghrianchóras.
Taiscéalaí leis an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (ESA) é Rosetta a bhí ag déanamh anailíse ar an chóiméad 67P/Churyumov-Gerasimenko ach a bhfuil cuid dá fhréamhacha lonnaithe i bhfad níos giorra don bhaile.
Is é atá i gceist leis na fréamhacha sin ná go raibh comhlacht as Baile Átha Cliath, CAPTEC, i mbun an ríomhaire a bhí i bhfeighil ar an spásárthach.
Comhlacht bogearraí agus ardteicneolaíochta é CAPTEC atá lonnaithe i Mullach Íde agus bhí bunaitheoir an chomhlachta, Fred Kennedy, ag croílár an togra nuair a seoladh Rosetta chun spáis in 2004.
Is iomaí eagras Eorpach a bhí páirteach sa mhisean ach bhí samhail speisialta den taiscéalaí spáis ag CAPTEC anseo in Éirinn agus is air sin a rinneadh tástálacha a chinntigh gur shroich an spásárthach an cóiméad.
D’oibrigh forbróirí bogearraí agus saineolaithe CAPTEC in éineacht le páirtnéirí eile ESA chun an córas treoshuímh (orientation) a phromhadh agus bhí toradh a gcuid oibre le feiceáil inné nuair a rinneadh Rosetta a thuirlingt de thuairt d’aon ghnó ar dhromchla 67P/Churyumov-Gerasimenko.
Agus feidhm á baint aige as tarraingt na bpláinéad, thaisteal Rosetta timpeall Mhars cúpla uair agus thart ar Véineas uair amháin sula ndeachaigh sé amach chun bualadh le 67P/Churyumov-Gerasimenko.
Thóg sé 10 mbliana air an turas sin a dhéanamh agus le dhá bhliain anuas tá sé ag seoladh eolais ar ais chuig an domhan faoin chóiméad féin.
Go bunúsach an rud atá tarlaithe anois ná go bhfuil an cóiméad imithe chomh fada sin ón ghrian nach raibh go leor grianchumhachta ag Rosetta chun leanúint ar aghaidh lena mhisean.
Ó thaobh na heolaíochta de, tá an t-uafás eolais faighte ag an ESA faoin chóimeád agus ó thaobh na hinnealtóireachta de tá misin eile go Mars agus Véineas bunaithe ar an teicneolaíocht chéanna a úsáideadh le Rosetta.
Ní ionann deireadh le Rosetta agus deireadh le hionchur na hÉireann i dtionscnaimh mhóra spáis áfach.
Tá CAPTEC – lena n-oibríonn an Gael aitheanta agus giolcaire gníomhach Aonghus Ó hAlmhain – ag obair chomh maith ar thograí eile de chuid ESA a chinneoidh go mbeidh obair mhuintir an oileáin bhig seo fós le mothú i bhfad i gcéin sa spás amuigh.