Róbait ar Patról

Má cheap tú gur fada uainn an lá a d’fheicfí andróideach ar patról in áit duine saolta, tá an lá sin tagtha, a chairde!

Tá scata róbat forbartha, a dtugtar ‘K’ orthu, ag comhlacht teicneolaíochta i gCalifornia agus iad ar patról i mbun obair fhaireachais in ollmhargadh in Silicon Valley faoi láthair.

Ar chéad fhéachaint, shílfeá gur cibearg ó chlár Dr. Who atá i gceist ach ní mar a shíltear a bhítear.

“Andróideach slándála”, dar leis an ghnólacht nuathionscanta, Kightscope, atá lonnaithe i gcroílár an cheantair teic ar an taobh ó dheas de San Francisco.

I measc bhuanna an róbait, tá radharc ardghléine 360, ceamara íomhánna teirmeacha agus cumas labhartha agus éisteachta.

Anuas air sin, piocann ‘K’ suas ar fhuaimeanna agus ar ghluaiseachtaí aisteacha atá ag tarlú cóngarach dó agus i bhfad amach ón áit a bhfuil sé.

Faoi láthair, tá dearthóirí an róbait ag obair ar bhogearraí a chuirfidh ar a chumas gunnaí nó uirlisí dainséaracha eile atá i bhfolach a aithint i slua.

Is spéisiúil gur ar cíos amháin atá na róbait ar fáil, agus ar phraghas réasúnta saor – $6.25 san uair!

Agus an teicneolaíocht ag athrú go síoraí, dúirt urlabhraí ó Knightscope nach bhféadfaidh ‘K’ a dhíol ar an ábhar go mbeadh sé ‘as feidhm’ agus go mbeadh uasdátaithe de dhíth air i rith ama.

Seans go bhfuil uasdátú de dhíth ar ár gcoincheap de gharda slándála chomh maith!

SCÉALTA EILE