Rogha fotheideal anois ar aip TG4


Is féidir le breathnóirí anois fotheidil a roghnú nó a mhúchadh agus iad ag féachaint ar chláir nua ar aip TG4 ar ghléasanna a fheidhmíonn ar iOS (iPhone agus iPad).

Ar a bharr sin beifear in ann feasta an aip a cheangal le Google Chromecast a ligeann do dhaoine cláir gan fotheidil a thaispeáint ar scáileáin mhóra, chomh maith lena ngutháin nó gléasanna soghluaiste eile.

díospóireacht ar siúl le tamall anuas – in Albain go príomha ach anseo in Éirinn le déanaí chomh maith – faoin easpa roghanna fotheideal atá ar fáil ar stáisiúin theilifíse na Gaeilge, BBC Alba agus TG4.

Is léir gur thug ceannasaíocht Bhaile na hAbhann moltaí an phobail faoi deara mar go bhfuil cumas na bhfotheideal roghnaitheach ar fáil ar tg4.tv, ar theilifíseáin chliste agus anois ar an aip iOS.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe do chlár nua as seo amach, is féidir iad sin a aimsiú (nó a mhúchadh) chomh maith.

“Cé gur maith le daoine áirithe fotheidil (Béarla nó Gaeilge de réir a riachtanas) a bheith ar an scáileán agus iad ag féachaint ar ábhar TG4, tá daoine eile ar fearr leo uathu iad,” a dúirt an stáisiún i ráiteas chuig na meáin.

“Go dtí seo ba dhoiligh an dá dhream (a bhfuil mian dlisteanach acu araon) a shásamh ag an am céanna.

“Tá réiteach ar fáil anois ar an Seinnteoir.”

Ba í foireann theicneolaíochta TG4 féin a chuir an obair i gcrích a chlúdaíonn aon ábhar nua-chraolta réamh-thaifeadta.

Dúirt TG4 go rachaidh na forbairtí seo chun tairbhe d’aicmí go leor ina lucht féachana.

“Beidh Gaeilgeoirí líofa in ann féachaint ar an ábhar gan aon fhotheidil, is féidir le daoine ar maith leo fotheidil Bhéarla a bheith ann a mian a shásamh, agus is féidir le daoine atá ag iarraidh a líofacht Ghaeilge a fheabhsú na fotheidil (i gceachtar teanga, más ann dóibh) a roghnú nó a mhúchadh de réir mar a oireann.”

SCÉALTA EILE