Ruadháin i measc na 70 emoji nua 

Is le fada an lá atá pobal rua na hÉireann ag éileamh a gceart emoji ach tá a lá tagtha ar deireadh agus é fógartha ag Apple go bhfuil ruadháin i measc na 70 emoji nua a bheidh ar fáil ar fhóin agus trealamh eile de chuid an chomhlachta sna seachtainí amach romhainn.

Tá idir fhir agus mhná rua agus óga ar fáil agus tá an dath gruaige ar fáil ar emoji a bhfuil craiceann geal agus gorm orthu freisin. Seoladh na emoji nua an tseachtain seo agus meastar go mbeidh siad ar fáil ar ardáin uile Apple roimh i bhfad agus go mbeidh siad ar fáil ar Android nuair a dhéanfar uasdátú ar an gcóras oibriúcháin sin go luath. 

Anuraidh, thug Unicode    an dream a riarann emojis — le fios gur ceadaíodh na leaganacha rua de na emoji atá ann cheana. Bhíothas ag súil leo i mí Mheithimh na bliana seo ach níor foilsíodh an leagan beta go dtí tús na míosa seo caite. Beidh siad ar fáil anois do chuile dhuine a mbeidh an leagan is nua de chóras oibriúcháin Apple ar an bhfón aige. 

Cuireadh achainí ar bun breis agus trí bliana ó shin gruaig rua a léiriú ar emoji, agus thug Banríon na Ruadhán in Éirinn na linne sin, Laura May Keohane, lán a tacaíochta don fheachtas. 

“Ba bhreá liom dá dtabharfadh Apple straoiseog rua isteach. Tá iontas orm go ndearnadh neamhaird ar an tréith fhisiciúil seo ó thosach. Toisc nach cine, cineál ná creideamh iad na daoine rua, ní shamhlaítear an leathcheal leo. Is ionann sinn agus 2% de dhaonra an domhain agus tá aitheantas tuillte againn,” a dúirt sí. 

Scríobhadh i dtuarascáil Unicode 2016 gurbh iad na dathanna gruaige a bheadh ar fáil amach anseo ná dubh, fionn, donn, liath agus rua. Bheadh ‘maol’ mar rogha freisin. Tá an liosta sin bunaithe ar na dathanna éagsúla gruaige a aithnítear ar an bhfoirm iarratais do phas i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar fhoirmeacha oifigiúla eile sa tír sin.

I measc na emoji eile a eisíodh an tseachtain seo, tá bratach na Náisiún Aontaithe, éadan róthe agus rófhuar, cloigeann maol, seandaoine bána, sárlaochra, agus baill éagsúla choirp.

Tá ainmhithe nua ar fáil freisin, ina measc an racún, an broc, an eala, an cangarú agus an phéacóg, chomh maith le gliomach agus cuileog. Níl peil Ghaelach ná camán ar fáil go fóill beag, ach tá liathróid leadóige, Frisbee, clár scátála agus trealamh crosógaíochta.

Déantar uasdátú ar na emoji atá ar fáil uair sa mbliain agus glactar le hiarratais ón bpobal ar emoji  nua. Tá feachtas ar bun in Éirinn camán  agus sliotar a chur sa rannóg spóirt agus tá náisiúin bheaga ar fud na cruinne ag éileamh go mbeadh a mbratach ar fáil. 

SCÉALTA EILE