Rugadh ar fhear le bean eile… ar Pokémon Go

Seans maith faoin am seo go bhfuil cloiste agat faoi Pokémon Go, cluiche glicghutháin a úsáideann réaltacht bhreisithe (augmented reality) chun breith ar charachtair bheaga an chluiche san fhíorshaol.

Ag úsáid CSD (GPS) agus cheamara an fhóin, tá imreoirí in ann breathnú ar a scáileáin le fáil amach cá bhfuil na Pokémon agus ansin taifead a dhéanamh de na háiteanna ar rug siad orthu.

Tá na sluaite ar fud na hAstráile agus SAM gafa leis an chluiche agus inné bhí úsáid Pokémon Go ar ghléasanna Android níos airde ná an úsáid a bhí ag Snapchat, Tinder, Instagram ná Facebook.

Ní gach duine atá ag baint suilt as an aip faoi láthair áfach.

Dar le Evan Scriber as Queens Nua-Eabhrac go bhfuair a chailín amach go raibh sé lena iar-chailín tar éis go bhfaca sí a láthair ar an chluiche.

“Chonaic sí gur rug mé ar Pokémon le linn dom bheith ag teach m’iar-chailín,” a mhínigh sé don New York Post.

Nuair a d’fhiafraigh a chailín de cén fáth a raibh sé i gceantar a iar-chailín, ní raibh Scribner in ann leithscéal a chumadh gasta go leor.

“Fuair sí amach ag mo theach aréir agus ní raibh sí i dteagmháil ó shin.”

Níl Pokémon Go ar fáil go hoifigiúil in Éirinn go fóill ach meastar go mbeidh sna míonna amach romhainn… ná déanaigí aon rud amaideach agus sibh i mbun cuardaigh!

SCÉALTA EILE