Beidh iomaíocht ghéar ag Google Glass más fíor don fhíseán nua a d’eisigh Microsoft an tseachtain seo caite ina gCeannáras i gCalifornia.
Cé nach bhfuil ann ach físeán coincheapa go fóillín, léiríonn Microsoft na féidearthachtaí, dar leo, a bheadh le fáil ón trealamh todhchaíoch Hololens.
San fhíseán, taispeántar conas a bheadh an t-úsáideoir in ann grafaicí a shuí thar rudaí san fhíorshaol, agus iad a smachtú le casadh na láimhe agus labhairt.
Léirítear gach rud ó scáileáin teilifíse agus cluichí ríomhaireachta go dearadh táirgí agus dialann lae in úsáid tríd Hololens chun an fhorbairt is úire i saol na teicneolaíochta a thabhairt isteach san oifig oibre agus sa bhaile teaghlaigh.
An bhfíorófar an fhís seo?
Beidh le feiceáil, i bhfoirm holagraim is dócha.