Tá triúr mac léinn innealtóireachta ón tSíle tar éis rothar a dhearadh nach féidir bheith goidte, dar leo.
Is fréamhshamhail é go fóill ach de réir físeáin a d’eisigh siad anuraidh tiontaíonn an rothar féin ina ghlas.
Má bhristear an glas bristear fráma an rothair, rud a fhágann nach mbeadh maith ar bith ann d’aon ghadaí.
Ní mór an diallait a bhaint agus a nascadh leis an chleith láir chun an rothar a ghlasáil ach, mar a léirítear thuas, is cosúil nach bhfuil mórán deacrachta ag baint leis.
Maíonn siad fiú gur féidir leat do rothar a cheangal taobh istigh de 20 soicind.
An Yerka Project is ainm don togra iontach seo agus i láthair na huaire tá na rothair á bpriontáil acu le teicneolaíocht thríthoiseach.
Coinnigh súil anseo le haghaidh nuashonruithe faoin ‘rothar do-ghoidte’!