Seo chugainn FIFA 18

Slán leat FIFA 17, braithfidh mé uaim thú, thug tú na céadta uaireanta an chloig siamsaíochta dhom.

Cúil den scoth, greamuithe gruama, sábhálacha a bhris mo chroí.

Ach tá deireadh nádúrtha tagtha lenár gcaidreamh.

An tseachtain seo caite thóg mé mo chóip de FIFA 17 amach as mo chonsól, chuir mé isteach ina bhosca é agus leag mé é ar an tseilf taobh le FIFA 16, FIFA 15, FIFA 14… tuigeann sibh an pointe!

Le gliondar i mo chroí bhain mé an plaisteach de FIFA 18, Ronaldo ag stánadh ar ais orm, agus thosaigh mé á lódáil, sceitimíní ag ardú.

Bhí a lán deacrachtaí leis an imirt in FIFA le cúpla bliain anuas ach tar éis dhom cúpla cluiche a imirt sa leagan úr seo feicim go bhfuil na déantóirí, EA, tar éis neart oibre a dhéanamh ar an mbeochan, an fhisic agus gluaiseachtaí na n-imreoirí.

Níl sé foirfe fós ach ar a laghad tá feabhas éigin tagtha ar an gcuid seo mar bhí an imirt lofa ó FIFA 15 ar aghaidh.

Laghdaíodh luas na himeartha ionas go mbeadh an cluiche níos réalaíche ach laghdaigh sé sin an spraoi chomh maith.

Tá fuadar faoi na himeoirí arís agus is mór an spórt é.

Cé go bhfuil na hathruithe seo le brath go ginearálta tríd an gcluiche, nuair a fhaigheann tú greim ar leithéidí Ronaldo, Messi nó Neymar shílfeá go raibh cumhachtaí osnádúrtha acu!

Caithfidh mé a admháil go bhfuil a gcumas siúd beagnach áiféiseach ach ar a laghad beidh na cúil ar ardchaighdeán!

An rud ab fhearr faoi FIFA 17 ná ‘The Journey’ agus scéal Alex Hunter.

Is modh scéalaíochta é seo agus cheap mé go raibh sé ar fheabhas agus bealach fíorchliste le FIFA a imirt ar shlí eile.

Nílim chun an aon rud a rá faoin scéal i mbliana mar nílim ag iarraidh é a mhilleadh ach tá sé fós tarraingteach agus mealltach.

Níl mórán athraithe san imirt anseo ach tugann sé léargas éigin dúinn ar shaol an imreora phroifisiúnta agus is breá liom é.

Arís, níl mórán athraithe ar ‘Ultimate Team’ mar ní gá, tá sé chomh simplí sin.

Seo an áit ar féidir leat do scothfhoireann féin a chur le chéile trí imreoirí a cheannach agus a bhuachan.

Tá athruithe beaga déanta ach mar fhoirmle oibríonn sé mar atá.

Cuir mar seo é, gnóthaíonn EA Sports $650 millún ó ‘Ultimate Team’ amháin… chuile bhliain!

Ar an iomlán tá EA tar éis cluiche siamsúil agus slachtmhar a thabhairt chomh fada le himreoirí le FIFA 18.

Tá roinnt mhaith de na deacrachtaí leis an imirt a bhí againn le bliain anuas ceartaithe acu agus cuireann na gnéithe nua go mór leis an gcluiche.

Caith isteach an chéad mhír eile de ‘The Journey’ agus an imirt ar líne agus tá a dhóthain anseo le himreoirí a shásamh an séasúr seo!


Is féidir Colmán a leanúint ar Twitter @colmanacus.

SCÉALTA EILE