Seo chugat scáileán… ar do chraiceann!

Tá tú ag iarraidh dul amach don oíche, níl do ghuthán leat ach fós tá tú in ann breathnú ar Google Maps chun an pub a aimsiú.

Tá tú amuigh sna cnoic, níl aon ríomhaire leat ach go fóill féin tá teacht agat ar do rphost oibre.

Tá tú san fholcadán, ag ligean do scíthe agus ag seiceáil na scéalta is déanaí ar Twitter ag an am céanna.

“Conas?” a fhiafraíonn sibh.

Cicret an freagra.

Bráisléad coincheapa é seo atá á fhorbairt ag dearthóirí Francacha agus a thaispeánann scáileán tadhaill ar do lámh.

cricet-braislead

Teicneolaíocht nua teilgin a chuireann ar chumas an bhuinne íomhá a thaispeáint ar do chraiceann agus tá braiteoirí ann a ligeann duit ‘cnaipí’ a bhrú chun do bhealach a dhéanamh timpeall an scáileáin.

Oibreoidh sé ar Android agus beidh tú in ann do chuntais éagsúla ríomhaire agus gutháin a nascadh leis.

Tá cuma iontach nua-aimseartha ar an chruthúchán seo ach is dócha gurb é an dúshlán is mó atá roimh mhuintir Cicret ná gile an scáileáin a dhéanamh láidir go leor ionas go mbeidh sé inléite gan stró ar chraiceann, lá nó oíche.

Fógraíodh an tionscnamh díreach ceithre mhí ó shin agus cheana féin tá breis agus 12 milliún radharc faighte ag an fhíseán thuas.

Cad é do mheas? An gcaithfeá féin bráisléad den saghas seo?


Dá mba mhian leat tacú le forbairt Cicret nó níos mó eolais a fháil faoi, téigh go cicret.com

SCÉALTA EILE