Seo todhchaí na siopadóireachta


Tá píosa nua troscáin de dhíth ort ach níl an t-am agat dul chuig an siopa go fóill.

Fiú má théann tú chuig an siopa níl tú cinnte an mbeidh an chathaoir nó an bord ceart cuí ann duit.

Ná bíodh aon imní ort, áfach, mar go bhfuil IKEA Place anseo!

Is aip réaltachta breisithe é seo a ligeann duit táirgí de chuid an díoltóra Shualannaigh ‘a thriail’ sula gceannaíonn tú iad.

Le fáil ar iOS faoi láthair, is féidir an táirge a phiocadh ar do ghuthán, an fón a chur i dtreo an spáis i do theach nó oifig atá roghnaithe agat don troscán agus ansin feicfidh tú leagan 3D den bhall troscáin ar an scáileán, amhail is dá mbeadh sé ann san fhíorshaol.

Beidh tú in ann do chathaoir nua a fheiceáil sna toisí cearta (tá an aip 98% cruinn, deirtear) chomh maith le huigeacht na fabraice fiú.

Deir Michael Valdsgaard ó IKEA “go n-athróidh réaltacht bhreisithe an t-eispéireas siopadóireachta ó bhun”, díreach mar a d’athraigh an t-idirlíon é.

Tá IKEA Place, ar a mbeidh 2,000 táirge roimh i bhfad, tógtha le ARKit de chuid Apple, teicneolaíocht a chuireann ar chumas forbróirí aipeanna réaltachta breisithe a chruthú go héifeachtach.

Níl críoch leis na féidearthachtaí, is cosúil…

SCÉALTA EILE