Má tá do ghlic-ghuthán curtha san aer agat riamh chun amhrán a aithint leis an aip mhóréilimh Shazam, nÃl tú i d’aonar.
Deir an comhlacht Sasanach go bhfuil thart ar 100 milliún duine ag úsáid an tsáis anois in aghaidh na mÃosa agus go n-eascraÃonn 10% de dhÃolachán digiteach ceoil, ar bhonn domhanda, ó Shazam.
Nà ionadh é mar sin gur fógraÃodh inniu go bhfuil luach $1 billiún (€860m) ar an chomhlacht agus infheistÃocht nua de €26m faighte acu ar na mallaibh.
Úsáideann Shazam teicneolaÃocht aitheanta fuaime chun a rá leat cén t-amhrán lena bhfuil tú ag éisteacht agus, más amhrán eisithe é, nà thógann sé ach cúpla soicind chun an t-eolas a sholáthar.
Conas a dhéanann siad a gcuid airgid áfach?
Bhuel bÃonn fógraÃocht ar an aip go minic agus gach uair a leanann tú nasc chuig leithéidà iTunes, faigheann Shazam sciar den dÃolachán.
Tá siad tar éis tús a chur le tograà eile chomh maith a thugann poiblÃocht do cheoltóir faoi leith nó a dhéanann ceangal le lipéad ceoil.
Coincheap simplà é atá tar éis aird na bhfathach idirlÃn Google agus Amazon a mhealladh agus iad anois ag bogadh i dtreo an cheoil digitigh.
Má leanann Shazam leis an tseiftiúlacht atá léirithe acu go dtà seo áfach, gach seans go gcoinneoidh siad chun tosaigh ar an fhreasúra agus gur féidir linn bheith ag súil lena thuilleadh fáis agus forbartha ón aip bheag ghorm sa tréimhse amach romhainn.
Anois, cad é an t-amhrán sin?